Struchtúr agus Fís

Déanann Fine Gall a dícheall chun a bheith mar an rogha áite in Éirinn chun cónaí inti, obair a dhéanamh inti, cuairt a thabhairt uirthi agus gnó a dhéanamh inti. Léirítear é seo leis an raon leathan de shócmhainní straitéiseacha a thacaíonn le pobail bheoga, le gnóthaí rathúla agus le turasóireacht.

I measc ár mbunluachanna tá:

  • Béim láidir ar chustaiméirí agus ar shaoránaigh
  • Ardchaighdeáin iompair, ionracais agus neamhchlaontachta
  • Freagrach agus Freagrúil
  • Nuálach agus Cuimsitheach
  • Ionracas agus meas do chách

Tá rialtas áitiúil mór le céile leis an saoránach agus cuireann Comhairle Contae Fhine Gall réimse leathan seirbhísí agus áiseanna ar fáil idir bhonneagar bóithre agus páirceanna, spásanna oscailte, ionaid phobail, leabharlanna agus tithíocht.

Struchtúr Eagraíochtúil

Tá Príomhfheidhmeannach agus foireann Bhainistíochta Feidhmiúcháin i gceannas ar Chomhairle Contae Fhine Gall. agus tá sé mar aidhm aici raon leathan seirbhísí agus áiseanna a sholáthar, idir bhonneagar bóithre agus páirceanna, spásanna oscailte, ionaid phobail, leabharlanna agus tithíocht.

County Hall