Oidhreacht agus Turasóireacht

Is áit é Fine Gall ar a bhfuil daoine ag tabhairt aghaidhe le fada an lá. Ó aimsir na Lochlannach anall aithnítear go bhfuil a shaintréithe féin ag an áit. Go deimhin rinne an taistealaí Fynes Moryson cur síos ar Fhine Gall go luath sa seachtú haois déag mar ‘chríoch beag, seod na ríochta’. Díreach ó thuaidh de Bhaile Átha Cliath, tá cnoic bheaga dhroimneacha i bhFine Gall, agus cósta mór fairsing ina bhfuil oileán agus sruthanna, agus oidhreacht shaibhir talmhaíochta, seandálaíochta agus stairiúil. 

Tá tírdhreach ilghnéitheach i bhFine Gall, idir shráidbhailte spleodracha i dtírdhreach tuaithe réchnocach, sráidbhailte gleoite cois farraige agus tránna gainimh agus cósta creagach agus bailte bríomhara uirbeacha lena mbaineann oidhreacht ársa ag soláthar cóiríocht den scoth, bialanna breátha, agus tithe tábhairne ina gcuirfear fáilte chroíúil romhat. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi oifigí turasóireachta na háite féach ar Thurasóireacht Fhine Gall ar www.fingaldublin.ie nó déan teagmháil linn ag  [email protected] agus ar an bhfón: +353-1-8905144

Exploring Fingal - Bróisiúr

Le breis is beagnach 10,000 bliain tá a rian fágtha ag glúin i ndiaidh glúine ar thírdhreach Fhine Gall – na séipéil, na túir agus an tobar beannaithe i mbailte agus i sráidbhailte; sna tithe móra agus sna tuamaí cloiche; ar an oileán agus feadh an chósta.  Mar chuid de Scéim Chomhairleoir na séadchomharthaí allamuigh, tá treoir curtha le chéile ag an seandálaí Christine Baker le haghaidh láithreáin agus shéadchomharthaí Fhine Gall agus í maisithe go hálainn. Sa bhileog Exploring Fingal thíos, ar féidir í a phriontáil, tá roinnt de na láithreáin aitheanta agus b’fhéidir nach bhfuil chomh haitheanta sin ar féidir taiscéaladh a dhéanamh orthu.

Treoir Fuaime le haghaidh Chonair Oidhreachta Shoird

Insítear scéal Shoird ó na luath-thréimhsí go dtí an lá atá inniu ann sa Treoir Fuaime le haghaidh Chonair Oidhreachta Shoird. Is bealach ciorclach é a thosaíonn ag Tobar Cholm Cille, agus a thugann ar shiúlóid 1.6km thú timpeall ar Shord, ag cíoradh stair agus oidhreacht Eaglais agus Thobar Cholm Cille, an Seantí Biocáire, Shráid an Droichid, Chaisleán Shoird, Halla an Chontae, Eaglais Cholm Cille, na Príomhshráide, agus Scoil Náisiúnta Old Borough. Is í Comhairle Contae Fhine Gall a chuir an treoir le chéile i gcomhar le Abarta Audioguides agus le Cumann Oidhreachta Shoird.  

Féadfaidh tú an treoir a íoslódáil ar d’fhón cliste nó ar tháibléad ag úsáid na haipe Guidigo, atá ar fáil saor in aisce ón App Store nó ó Google Play. Nuair a bheidh an Aip íoslódáilte agat níl le déanamh ansin ach “Swords” a chuardach. Nó is féidir leat cóip in aisce den treoir a íoslódáil ó abartaguides.com nó é a shruthú ón nasc thíos.

Swords Castle-The Archbishops Palace

Designated a National Monument, Swords Castle contains over 800 years of history. Its many phases of reuse and redesign reflect its changing fortunes. Community Archaeologist, Christine Baker has compiled an accessible guide to introduce visitors to this fascinating site.

Swords Castle Guide

Caislean Shoird Gaeilge

Straitéis Turasóireachta Fhine Gall

Forbróidh Fine Gall straitéis ar leibhéal an chontae a chumhdóidh an tréimhse 2015 go dtí 2018, a oibríonn laistigh de na hiarrachtaí atá ar bun thar lear ag Fáilte Éireann, agus i gcomhar le tascfhórsa GROW Bhaile Átha Cliath. Tabharfar treoir sa straitéis ar leibhéal Contae ar conas is féidir le gnóthaí áitiúla, le hacmhainní oidhreachta áitiúla, le fóntais áitiúla agus le muintir na háite a bheith ina gcuid lárnach de chomhiarracht níos fearr lena chinntiú go dtugann breis turasóirí cuairt ar Fhine Gall.

GROW Dublin-A Collective Strategy for Tourism Growth to 2020

Failte Ireland - Destination Dublin A Collective Strategy for Tourism Growth to 2020