Comhairleoir na Séadchomharthaí Allamuigh

Tionscnamh de chuid na Comhairle Oidhreachta agus Chomhairle Contae Fhine Gall is ea Scéim Chomhairleoir na Séadchomharthaí Allamuigh le tacú le húinéirí talún chun aire a thabhairt do shéadchomharthaí seandálaíochta atá acu.

Is foinse uathúil faisnéise iad séadchomharthaí seandálaíochta agus tosaíocht de chuid Chomhairleoir na Séadchomharthaí Allamuigh is ea feasacht a ardú fúthu agus faoin ngá atá lena gcosaint. Is muid an t-úinéir talún aonair is mó i dtéarmaí séadchomharthaí seandálaíochta, le freagracht as 20% de shéadchomharthaí Fhine Gall. 

Áirítear le cuid d’obair Chomhairleoir na Séadchomharthaí Allamuigh tabhairt faoi staidéar, faoi sheimineáir agus faoi thaispeántais phoiblí. 

Déan Teagmháil Linn

Christine Baker, Field Monument Advisor

Ríomhphost: [email protected]