Airgeadais

Íoc Pras

Tá Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta dá cuid custaiméirí a íoc go pras.

Tá Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta dá cuid custaiméirí a íoc go pras.

Is féidir le soláthraithe cuidiú leis an méid sin trína chinntiú go

  • seoltar sonraisc chearta caol díreach chuig Cuntais Iníoctha, An Rannóg Airgeadais, Halla an Chontae, Sord, Co. Átha Cliath
  • bhfuil uimhir bhailí ar shonraisc a sheoltar chuig an gComhairle le haghaidh Orduithe (e.g. 40012345)
  • soláthraítear sonraí bainc cruinne
  • gcinntíonn siad go bhfuil a stádas Imréitigh Cánach cothrom le dáta ó thaobh na gCoimisinéirí Ioncaim. 

(I gcás conarthaí earnála poiblí ar fiú €10,000 nó níos mó (CBL san áireamh) iad taobh istigh d'aon tréimhse 12 mhí, beidh ar an gconraitheoir (nó an gníomhaire nó an fochonraitheoir, de réir mar is cuí) deimhniú bailí imréitigh cánach a bheith acu. Is riachtanas éigeantach é seo.  Is féidir sonraí maidir le nósanna imeachta imréitigh cánach a fháil ar láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim .

    Is é an tAcht um Íoc Pras Cuntas, 1997, arna leasú ag Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Íoc Déanach in Idirbhearta Tráchtála), 2002, a rialaíonn íocaíocht sonrasc ag Comhairle Contae Fhine Gall. Foráiltear leis an reachtaíocht íocaíocht úis ar shonraisc bhailí atá gan íoc 30 lá tar éis iad a fháil.  Ní mheasann Comhairle Contae Fhine Gall sonrasc a bheith faighte acu ach amháin nuair a fhaigheann Cuntais Iníoctha na Rannóige Airgeadais é, agus Uimhir Ordaithe Ceannaigh air.  Déantar an t-ús a áireamh i leith na tréimhse dar tús an dáta tar éis an dáta dhlite agus dar críoch an dáta a ndéantar an íocaíocht.  

    Ní féidir leis an soláthraí an íocaíocht úis a tharscaoileadh agus caithfear é a chur san áireamh leis an méid atá iníoctha as na hearraí nó na seirbhísí atá i gceist, gan éileamh á dhéanamh ag an soláthraí go n-íocfaí é.

    Ón 1 Iúil 2010, is é an ráta le haghaidh íoc déanach ná 8% sa bhliain (rud atá bunaithe ar ráta ECB 1%, móide corrlach 7%).  Is ionann sin agus ráta laethúil 0.022%.  Ba chóir ús pionóis atá dlite as íocaíochtaí déanacha a áireamh ar bhonn laethúil.  Is féidir an ráta ECB a sheiceáil ar láithreán gréasáin an Bhainc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann nó ar láithreán gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh .

     

    Leathanaigh an Rialtas an riachtanas neamhreachtúil is infheidhme maidir le Ranna Rialtais Láir go dtí gach comhlacht poiblí ó mhí Iúil 2011 amach, chun an tréimhse a thugtar do Chomhlachtaí Poiblí a soláthraithe a íoc a laghdú ó 30 lá go 15 lá. Faoi mar is dual do nósanna imeachta cearta airgeadais, tá iarracht an-mhór á déanamh a chinntiú go n-íoctar soláthraithe laistigh den fhráma ama sin. Taispeánann na naisc thíos conas atá ag éirí le Comhairle Contae Fhine Gall maidir leis an riachtanas íocaíochta 15 lá a shásamh ó tugadh an riachtanas isteach.

    Tá deich lá oibre ag Comhairle Contae Fhine Gall chun soláthraithe a chomhairliú i scríbhinn maidir le haon fhiosruithe agus/nó easnaimh a bhaineann leis an sonrasc a fhágann nach feidir an íocaíocht a dhéanamh.  Tar éis do Chomhairle Contae Fhine Gall an sonrasc ceartaithe a fháil, féachfaidh an Chomhairle leis an íocaíocht a dhéanamh laistigh de 15 lá.

    De réir na reachtaíochta, ní gá íocaíocht a dhéanamh le soláthraí ar theip air nó a dhiúltaigh déanamh de réir iarratais deimhniú imréitigh cánach a thaispeáint agus leagtar amach go sainráite sa reachtaíocht an teorainn ama reachtúil atá le híocaíocht sa chás go mbíonn moill ann deimhniú imréitigh cánach a thaispeáint.  Lena chois sin, ní fhágann an tAcht go gcuirtear isteach ar an aisbhaint a ghabhann le cáin a choinneáil siad ó aon íocaíocht a dhéantar le soláthraí.

    Má tá gearán agat maidir le híocaíocht sonraisc, déan teagmháil le  [email protected]  nó glaoigh ar 01-8905000.

    á Comhairle Contae Fhine Gall ar cheann de na dreamanna a shínigh an Cód maidir le hÍoc Pras.  Chun eolas a fháil ar an gCod maidir le hÍoc Pras (www.promptpayment.ie)

    Aontaíonn na dreamanna a shínigh an Cód:

    1. Soláthraithe a íoc in am
    2. Treoir shoiléir a thabhairt do sholáthraithe
    3. Daoine a ghríosadh chun dea-chleachtais
    • laistigh de na téarmaí a aontaíodh i dtús na haimsire, nó 30 lá, de réir na reachtaíochta
    • gan iarracht a dhéanamh téarmaí íocaíochta a athrú go cúlghabhálach
    • gan cleachtas a athrú maidir le fad na híocaíochta a thugtar do chuideachtaí beaga ar chúiseanna míréasúnta
    • treoir shoiléir ar furasta teacht uirthi a thabhairt do sholáthraithe maidir le nósanna imeachta íocaíochta
    • a chinntiú go bhfuil córas ann chun déileáil le gearáin agus le hachrainn agus chun an méid sin a chur in iúl do sholáthraithe
    • comhairle a chur orthu go pras maidir le cén chúis nach n-íocfar sonrasc de réir na dtéarmaí a aontaíodh
    • trí iarraidh go molfadh na príomhsholáthraithe go nglacfaí an cód ar láimh ina gcuid slabhraí soláthair féin

    Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag déanamh gach iarracht ár soláthraithe a íoc in am.