Club Scannán don Óige

Youth Film Club

I gcomhpháirtíocht le Draíocht agus na saineolaithe ilmheáin CreateSchool, cuirimid an deis ar fáil do dhaoine óga páirt a ghlacadh i gcúrsa scannánaíochta ocht seachtaine dar tús Dé Máirt 3 Feabhra agus dar críoch Dé Máirt 21 Aibreán.

Leagfaidh an cúrsa béim ar ghnéithe teicniúla scannánaíochta cosúil le frámú, soilsiú agus eagarthóireacht; chomh maith le teanga na scannánaíochta, scripteanna, scéalchlárú agus bainistiú criú. Is é an aidhm scannán a dhéanamh ag caighdeán proifisiúnta agus é chur i láthair daoine den phobal ar an oíche deiridh. Tá an seans ann an scannán a chur isteach chuig féile scannán tráth níos déanaí.

Am: Gach Máirt 6.30 p.m. - 9 p.m.

Raon aoise: 14 bliana - 18 mbliana

Cead isteach: €2 in aghaidh ceardlainne

Dátaí:

Seachtain 1: Dé Máirt 3 Feabhra

Seachtain 2: Dé Máirt 10 Feabhra

Seachtain 3: Dé Máirt 24 Feabhra

Seachtain 4: Dé Máirt 3 Márta

Seachtain 5: Dé Máirt 10 Márta

Seachtain 6: Dé Máirt 24 Márta

Seachtain 7: Dé Máirt 14 Aibreán

Seachtain 8: Dé Máirt 21 Aibreán

Cuir in áirithe anois leis an Oifig Ticéad ag Draíocht ar 01-8852622 (Méid Teoranta Ar Fáil) Má tá aon cheist agat faoin gcúrsa seo, téigh i dteagmháil le Sarah nó Leigh T: 01-8098029 R: [email protected]

www.draiocht.ie        www.createschool.ie