Everything is in Everything

Everything is in Everything

Everything is in Everything

Everything is in Everything
Première Scannáin
Dé Máirt 24 Aibreán
11 a.m. – 12 meán lae
Áras Nua-Ealaíne na hÉireann

Cuireadh tús le Everything is in Everything in    nuair a chuaigh Oifig Ealaíona Fhine Gall agus Superprojects i bpáirt le chéile chun coimisiún comhoibríoch a thosú idir na healaíontóirí Clodagh Emoe agus Jenny Brady agus daltaí ó Phobalscoil Bhaile an Hartaigh.Cuireadh tús leis an tionscadal, i ndáiríre, nuair a eagraíodh plé agus ceardlanna sa scoil in 2017. Thug na daltaí cuairt ar thaispeántais ag IMMA, chuir siad fáilte roimh an scríbhneoir Sue Rainsford a labhair leo maidir le scéalta a chruthú i saothar ealaíne. Ba é toradh ealaíonta an tionscadail seo saothar ealaíne dúisitheach le híomhá ghluaisteach dar teideal 'The Butterfly Effect' ina ndéantar scrúdú ar chúisíocht agus aiféala i saol an lae inniu.

Cuirimid fáilte romhaibh an saothar ealaíne nua seo agus scannán faisnéise a fheiceáil, a dhéanann taifead ar na próisis chruthaitheachta faoinar thug na healaíontóirí agus daltaí a ghlac páirt.
Beidh na healaíontóirí, daltaí, comhpháirtithe agus An Comhairleoir Mary McCamley, Méara Fhine Gall, i láthair ag an gcomóradh. Féach an cuireadh iomlán faoi iamh.

Bheadh ríméad orainn dá mbeifeá ábalta freastal ar an imeacht. RSVP le do thoil chuig //[email protected] /"> [email protected] roimh 18 Aibreán chun a dheimhniú go mbeidh tú ag freastal.

Is comhthionscadal é Everything is in Everything idir Comhairle Contae Fhine Gall agus Superprojects - tionscnamh do lucht féachana óg a ghineann deiseanna le haghaidh teagmhála le healaín nua-aimseartha agus ealaíontóirí.