Glúin an Cheoil

Glúin an Cheoil

Scéim Maoinithe Ghlúin an Cheoil

Is scéim maoinithe é Glúin an Cheoil arna maoiniú ag U2 agus The Ireland Funds, a chuireann maoiniú ar fáil chun tacú le Comhpháirtíocht Oideachais Ceoil (COC) agus iad a bhunú ar fud na hÉireann. Maoiniú 50% suas le huasmhéid €200,000 in aghaidh na bliana thar thrí bliana. D'fhéadfadh go mbeadh meascán ioncam airgeadaíochta agus/nó tacaíocht chomhchineáil i gceist le cistiú comhfhreagrach a ghintear go háitiúil ó acmhainní COC.

Cuireann Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall fáilte roimh na deiseanna a chuireann céim Ghlúin an Cheoil ar fáil. Breathnaímid ar an scéim mar chéim dhearfach chun tacú lenár gcláir forbartha ealaíne i bhFine Gall, agus le heagraíochtaí, scoileanna agus daoine aonair a bhfuil páirt acu i gcleachtas ceoil. Cé go bhféadfadh tairbhí a bheith ag baint leis an scéim maoinithe, is é fírinne an scéil go bhfuil sé níos deacra anois cistiú comhchineáil a fháil ná riamh. Tá laghdú mór tagtha ar ár mbuiséad ealaíon ó 2008.

Cuireadh an fhoirm iarratais agus treoirlínte ar fáil don phobal ar 17 Eanáir 2011, agus roimhe sin d'fhreastail baill foirne ón oifig ealaíon ar chruinniú treorach i gCaisleán Bhaile Átha Cliath i nDeireadh Fómhair 2010. I mBealtaine 2010, chuireamar na bunscoileanna ar fad i bhFine Gall ar an eolas maidir leis na deiseanna a chuireann an scéim ar fáil, agus d'iarramar ar fhreagairt. Ina dhiaidh sin, bhuaileamar aghaidh ar aghaidh le deich mbunscoil. Bhíomar i dteagmháil chomh maith le daoine aonair, scoileanna ceoil agus grúpaí eile a léirigh suim i bpáirt a ghlacadh.

Chun dul chun cinn a dhéanamh, chinneamar roinnt rudaí a dhéanamh. Ar an gcéad dul síos, caithfimid tomhas cruinn a dhéanamh ar shuim sa scéim i bhFine Gall. Go dtí seo, bhí naonúr i dteagmháil linn ag lorg eolais. Chuige sin, táimid chun staidéar measúnaithe riachtanas ceoil a choimisiúnú chun bearnaí i soláthar ceoil ar fud an chontae a aithint. Glacfar leis an gcur chuige seo a leanas:

  • Straitéisí bailithe sonraí agus cumarsáide a fhorbairt
  • Eolas tosaigh a bhailiú - cé agus cén áit, cad atá ag tarlú ar fud an chontae i bhFine Gall ó thaobh oideachas ceoil de
  • Sonraí ábhartha a bhailiú agus bualadh le príomhpháirtithe leasmhara
  • Sonraí a thiomsú agus anailís chainníochtúil a dhéanamh orthu
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar shamhlacha áitiúla, náisiúta agus idirnáisiúnta deachleachtais
  • Anailís cháilíochtúil ar thortaí
  • Moltaí a dhréachtú agus a chur i láthair chun iarratas ar mhaoiniú a dhéanamh i Meán Fómhair 2011 (dara babhta iarratas)

Tabharfaidh comhairleoir ceoil ag a bhfuil na cáilíochtaí cuí faoin staidéar sin, agus cuirfidh an comhairle fianaise cheart ar fáil maidir le leibhéal spéise agus tiomantais, ó thaobh airgeadais nó cúrsaí eile de, i measc scoileanna, eagraíochtaí agus daoine aonair. Ní mór dúinn é seo a chur amach ar tairiscint, agus tá sé mar aidhm againn an duine seo a fhostú faoi dheireadh mhí Márta, agus go mbeidh an comhairliúchán agus anailís déantar faoi dheireadh mhí Bealtaine 2011.

D'osclaíomar bunachar sonraí cheana féin ar ar chuireamar ainmneacha agus sonraí teagmhála na ndaoine siúd a chuaigh i dteagmháil linn. Cuireadh ceisteanna orm faoi chruinnithe phoiblí. Má mholtar dúinn, tar éis ár staidéar measúnaithe riachtanas a chur i gcrích, cruinnithe phoiblí a reáchtáil déanfaimid é sin. Cuireadh ceist orm chomh maith maidir le Comhairle Contae Fhine Gall a chlárú mar phríomhpháirtí don scéim. Ní ghlacfar cinneadh maidir leis sin go ceann tamaill. B'fhéidir go mbeidh rudaí níos soiléire tar éis an chruinnithe idir foireann oifig ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall agus an Coiste Gairmoideachais a bheidh ar siúl sa chéad deich lá eile.

Rory O’Byrne
Oifigeach Ealaíon an Chontae.

Mholfaimis do na páirtithe ar fad a bhfuil suim acu logáil isteach ar shuíomh gréasáin Ghlúin an Cheoil, www.musicgeneration.ie, chun eolas a chur ar na critéir mhionsonraithe agus an tiomantas láidir atá ag teastáil ó aon pháirtí féideartha sula dtéitear i dteagmháil le hOifig Ealaíon Chomhairle Fhine Gall.

Nuashonrú — 21 Deireadh Fómhair, 2011

Le cúpla seachtain anuas, bhuail Comhairle Contae Fhine Gall le hionadaithe ó Choiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath dhá uair. Bhíomar i dteagmháil le Glúin an Cheoil chomh maith. Tháinig éiginnteacht chun cinn dhá sheachtain ó shin mar bhí Coiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath i gcomhpháirtíocht le húdarás áitiúil eile cheana féin, sa bhabhta deiridh maoinithe. Mar sin, bhí ceist ann maidir le cibé acu an raibh siad ábalta a bheith ina pháirtí le Fine Gall sa bhabhta céanna maoinithe.

D'iarr Comhairle Contae Fhine Gall ar shoiléiriú ó Ghlúin an Cheoil ag an tráth sin. Ar 20 Deireadh Fómhair, fuair mé comhfhreagras ó Rosaleen Molloy (Stiúrthóir, Glúin an Cheoil) inar maíodh go n-iarrfadh sí ar athbhreithniú ar an treoir seo a leanas a leagann síos 'nach nglacfar ach le hiarratas amháin in aghaidh COC in aon bhabhta maoinithe amháin (mar shampla, ní féidir le COCanna iarratas ar leith a chur isteach mar pháirtí i COC cathrach/contae agus iarratas eile mar chuid de COC réigiúnach)'. Déanfar é sin i gcomhthéacs 'dlús daonra Chontae Bhaile Átha Cliath agus na ceantair Riaracháin Údaráis Áitiúil a chuimsíonn Contae Fhine Gall, Contae Bhaile Átha Cliath Theas agus Dún Laoghaire-Ráth an Dúin'.

Go praiticiúil, fágann sé sin nach mbeidh an deis againn iarratas a dhéanamh ar iarratas ná dul isteach i gcomhpháirtíocht le Coiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha, go dtí go n-athraíonn na treoirlínte do Bhabhta 3. Idir an dá linn, leanfaimid dár bpleananna a fhorbairt chun iarratas a chur isteach uair éigin in 2012.

Rory O’Byrne
Oifigeach Ealaíon an Chontae.

 

Nuashonrú — 1 Deireadh Fómhair, 2011

Tar éis an chruinnithe idir an Coiste Beartais Straitéisigh Ginearálta agus Pobail agus baill foirne sinsearacha de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall ar 26 Meán Fómhair, rinneadh cinneadh nach rachaimid ar aghaidh le hiarratas maoinithe ar Ghlúin an Cheoil roimh an spriocdháta i Samhain.

Thacaigh foireann Oifig Ealaíon na Comhairle leis an bpróiseas sin ó Eanáir 2011. Mar chuid de sin, tógadh comhpháirtíochtaí le Glúin an Cheoil, Coiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath, scoileanna agus daoine eile a bhfuil suim acu ann. Choimisiúnaíomar an chéad staidéar contae riamh maidir le soláthar oideachais ceoil, ar ar tugadh 'Sounding Out Fingal'. Scríobh an speisialtóir ceoil, cumadóir agus comhairleoir de chuid Chomhairle Ealaíon na hÉireann, Rachel Holstead, an staidéar.

De réir mar a bhí an spriocdháta le haghaidh iarratas ag teannadh linn (8 Samhain), agus i ndiaidh pléite agus costáil a dhéanamh, ba léir nach raibh an leibhéal airgid againn a bhí ag teastáil uainn chun tabhairt faoin tionscadal ag an leibhéal a leagadh amach agus a moladh inár staidéar saineolaíoch, agus ag an leibhéal a chreidimid go mbeadh tionchar dearfach aige ar Fhine Gall. Ós rud é gurb é sin an seans deireanach chun iarratas a chur isteach, is ionann é sin agus deireadh rannpháirtíochta Chomhairle Contae Fhine Gall le Glúin an Cheoil.

Is mian linn buíochas a ghabháil leo siúd a chuir leis an bpróiseas, i cibé cáil a rinne siad é. Tá súil againn go mbeimid i staid airgeadais i bhfad níos láidre chun páirt a ghlacadh má thagann scéim maoinithe eile le haghaidh oideachas ceoil chun cinn amach anseo.

Rory O’Byrne
Oifigeach Ealaíon an Chontae.

Nuashonrú — 14 Meán Fómhair 2011

Níos luaithe i mbliana, choimisiúnaigh Oifig Ealaíon Chomhairle Fhine Gall tuarascáil ar theagasc ceoil do dhaoine óga agus leanaí i bhFine Gall faoi láthair. Thóg sé sé mhí ar Rachel Holstead an tuarascáil 'Sounding Out Fingal' a chríochnú. Bhí comhairliúchán leathan ag go leor leibhéal i gceist, le scoileanna, grúpaí tuismitheoirí, grúpaí ceoil, scoileanna ceoil, múinteoirí, cumainn agus clubanna ceoil, agus forais ionadaíochta. Roinnfear an tuarascáil anois lenár bpáirtithe Coiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath, agus i ndiaidh tréimhse comhairliúcháin agus machnaimh, cuirfear é faoi bhráid bhaill thofa na Comhairle. D'fhreastail baill foirne ón Oifig Ealaíon ar sheimineár lae de chuid Ghlúin an Cheoil ag Coláiste Phádraig, Droim Conrach inné, 13 Meán Fómhair 2011. Roinnfear an t-eolas a cuireadh in iúl ag an seimineár, i bhfoirm trí chás-staidéar ó chontaetha a fhaigheann maoiniú ó Ghlúin an Cheoil, Sligeach, Maigh Eo agus Laois, lenár bpáirtithe. Tá sé de chúram orainn san Oifig Ealaíon an t-eolas ar fad a bhaineann le Glúin an Cheoil a chur in iúl don Choiste Gairmoideachais agus baill thofa na Comhairle lena gcinneadh deireanach.

Rory O’Byrne
Oifigeach Ealaíon an Chontae

Nuashonrú — Aibreán 2011

Ó rinneamar ár ráiteas deireanach, tá athrú tagtha ar an scéal maidir le Glúin an Cheoil. Chinn Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall staidéar measúnaithe riachtanas ceoil i bhFine Gall a choimisiúnú, mar a mholtar i gcritéir na Scéime um Ghlúin an Cheoil. Choimisiúnaigh an Chomhairle Rachel Holstead chun tabhairt faoin staidéar sin; is cumadóir proifisiúnta é Rachel agus is comhairleoir ceoil í le Comhairle Ealaíon na hÉireann.

Agus an staidéar seo á choimisiúnú ag Comhairle Contae Fhine Gall, tá sí ag iarraidh suirbhé agus mapáil a dhéanamh maidir le soláthar oideachais ceoil mar atá i bhFine Gall. Beidh Rachel i dteagmháil le gach bunscoil agus meánscoil i gceantar Fhine Gall (Scoileanna Gairmoideachais agus grúpaí ábhartha eile san áireamh), chomh maith le gach grúpa ceoil, scoileanna ceoil, múinteoirí ceoil agus daoine aonair a bhí i dteagmháil linn chun a spéis a léiriú. Ar deireadh, déanfar teagmháil leis na grúpaí ar fad a fuair Deontais Ealaíon a bhaineann le ceol ó Chomhairle Contae Fhine Gall le cúig bliana anuas. Cuirfear na ceistneoirí ábhartha ar fáil ar líne ionas gur féidir rochtain a fháil orthu.

Cuireadh tús leis an staidéar ar 11 Aibreán agus cuirfear i gcrích é i Meitheamh. Cuirfidh sé sin ar ár gcumas measúnú a dhéanamh ar an eolas agus pleanáil a dhéanamh don chéad bhabhta iarratas eile i Meán Fómhair 2011.Cuirfear an staidéar críochnaithe ar fáil ar an suíomh gréasáin seo.

Bhuail Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall le hionadaithe ó Coiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath chun plé a dhéanamh ar ár bpáirt i scéim Ghlúin an Cheoil. Comhaontaíodh, i bprionsabal, go n-oibreoimid le chéile mar phríomhpháirtithe agus go n-aithneofar an chomhpháirtíocht sin ar shuíomh gréasáin Ghlúin an Cheoil. Beidh sonraí ár gcomhpháirtíochta ag brath ar thorthaí an staidéir anailíse riachtanas.

Déanfar an t-eolas is déanaí a chur ar fáil arís ina dhiaidh seo.

Rory O’Byrne
Oifigeach Ealaíon an Chontae