Caisleán agus Páirc Bhaile Shoird

Swords Castle Exterior

Tá an Caisleán suite i lár bhaile ársa Shoird, agus is é an t-aon áras cónaithe cosanta a bhí ag an Ardeaspag a bhfuil caoi réasúnta maith air fós sa lá atá inniu ann. Tá foirgnimh an Chaisleáin i gcruth peinteagáin ghairbh timpeall ar limistéar ina bhfuil thart ar 0.5 Ha, agus tá balla 305 mhéadar timpeall air. Tógadh an Caisleán thar thréimhse 400 bliain, agus tosaíodh ar an tógáil roimh 1200 A.D. 

Tá Páirc Bhaile Shoird i lár Shoird díreach taobh leis an gCaisleán. Is iontach an áit an pháirc chun dul ar siúlóid agus tá áiseanna ann, ar nós cúirteanna leadóige.

Bíonn an Caisleán ar oscailt ó 9.30am go 5.00pm, ó Luan go hAoine. Cuirfidh Turasóireacht Fhine Gall turais ar fáil ag brath ar an éileamh. Is féidir dul i dteagmháil leo ar ríomhphost ag  [email protected]  nó trí ghlaoch ar 01-840 0891 nó 01-890 5144

Is féidir taisteal chuig an gCaisleán, agus an baile, ar iompar poiblí mar gheall go bhfreastalaíonn bealaí 33, 33B, 41, 41B agus 43 Bhus Átha Cliath ó Ché Éidin i gCathair Bhaile Átha Cliath go Lár Bhaile Shoird.