Ard Giolláin

Ardgillan Castle Bench

Seoid atá i gCaisleán agus Diméin Ard Giolláin atá i bhfolach ón saol.

Tá an réadmhaoin suite i bhfearann páirce álainn a fhéachann amach ar Mhuir Éireann agus tá radharc dochreidte ann ar na Beanna Boirche.

Chomh maith leis an gcaisleán, tá gairdín múrtha agus rósanna sa diméin agus cruthaíonn iad seo flúirse ordúil dhathanna.

Tá Caisleán agus Diméin Ard Giolláin i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath Thuaidh ar an imeallbhord ardaithe idir Baile Brigín agus na Sceirí, 32 ciliméadar lastuaidh de Chathair Bhaile Átha Cliath.

Tugtar go leor treoracha chuig an diméin ar na comharthaí bóthair ón M1.

Tá 194 acra sa pháirc de thalamh féaraigh fhairsing réchnocach atá breac le coillearnach agus gairdíní a fhéachann amach ar Mhuir Éireann agus tá radharc ann ar na Beanna Boirche lastuaidh den pháirc agus ar Reachrainn soir ó dheas ón bpáirc.

Tearmann atá in Ard Giolláin do go leor speiceas d’ainmhithe, mamaigh agus éin agus cuireann na limistéir faoi chrainn tearmann sábháilte ar fáil ón talamh thalmhaíochta mórthimpeall.

Díol fíor-álainn spéise do chuairteoirí é an diméin sa lá atá inniu ann atá cuirtear roinnt mhaith áiseanna ar fáil ann don phobal, turais sa chaisleán, imeachtaí amharclainne, tae beag, cóisirí do leanaí agus go leor leor eile ina measc!

 

Uaireanta Oscailte

Is éagsúil a bhíonn uaireanta oscailte i rith na bliana. Bíonn sé ar oscailt in Eanáir, Samhain agus Nollaig ó 9am go 5pm, agus bíonn sé ar oscailt i bhFeabhra agus Márta ó 9am go 6pm. Bíonn sé ar oscailt in Aibreán agus Meán Fómhair go dtí 8pm, agus bíonn sé ar oscailt ó Bhealtaine go Lúnasa go dtí 9pm. Bíonn an pháirc ar oscailt i nDeireadh Fómhair go dtí 7pm.