Treoir Oidhreachta na hAille Arna Fhoilsiú ag Comhairle Contae Fhine Gall agus Comhairle Pobail na hAille

Tá fíoráthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall agus Comhairle Pobail na hAille foilsiú Treoir Oidhreachta na hAille a fhógairt. Léiríonn an bhileog le léaráidí áille na láithreáin oidhreachta i sráidbhaile na hAille agus torthaí Tochailt Phobail na hAille 2019.

Naul Heritage Guide

‘Thosaigh sé le comhrá faoi ghairdín bláthanna fiáine’ a dúirt Gill Blackburn ó Chomhairle Pobail na hAille ‘a d’iompaigh ina thochailt phobail agus anois an bhileog iontach seo. Bhí an-áthas orainn mar phobal a bheith in ann tabhairt faoi thochailt sheandálaíochta agus anois tá an treoir seo againn a leagann béim ar an iliomad láithreán oidhreachta laistigh den sráidbhaile.’

Dúirt Oifigeach Oidhreachta Chomhairle Contae Fhine Gall, Christine Baker: ‘Ní hamháin go gcuireann Treoir Oidhreachta na hAille torthaí na tochailte seandálaíochta i gcomhthéacs ach léiríonn sé an méid is féidir le pobal atá meáite ar a n-am atá thart a chosaint agus aird a tharraingt air a bhaint amach.  Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Comhairle Pobail na hAille as a dtacaíocht agus go háirithe le Ian Lennon as a chuid taighde agus eolas áitiúil atá mar chroílár na Treorach Oidhreachta.

Comhlíonann an Treoir Oidhreachta cuspóirí Phlean Oidhreachta Fhine Gall agus Straitéis Seandálaíochta Pobail Fhine Gall freisin.’ 

Bhí fear áitiúil Ian Lennon, ball de Chomhairle pobail na hAille agus comhúdar na treorach seo, sásta toradh spiorad an phobail a fheiscint, ag rá: ‘Bhí seoladh foirmeálta pleanáilte do mhí an Mhárta arbh éigean é a chur ar ceal agus tá sé go hiontach an tacaíocht áitiúil don treoir a fheiceáil. Trí dhul i dteagmháil lenár n-oidhreacht áitiúil, chothaíomar mothú feasachta, rannpháirtíochta agus aitheantais agus is pléisiúr é scéalta an Chaisleáin Dhuibh, An Teach Ósta, na fuinneoga Harry Clarke agus na láithreáin oidhreachta eile atá againn sa sráidbhaile a roinnt’.

Dúirt an Comhairleoir Tony Murphy: ‘Tá ríméad orm tacaíocht a thabhairt do thionscnamh dá leithéid. Is sampla é Treoir oidhreachta na hAille de Chomhairle agus pobail ag obair le chéile agus beidh sé úsáideach do chuairteoirí, dóibh siúd atá nua sa cheantar agus do mhuintir na háite araon.’

‘Chonaic mé an díograis don tionscnamh seo go háitiúil ag an gcruinniú tosaigh faoin tochailt phobail’ a dúirt an Comhairleoir Cathal Boland ‘agus is iontach an rud é torthaí na díograise sin a fheiceáil sa treoir seo.’

Tá Treoir Oidhreachta na hAille ar fáil saor in aisce ó Chomhairle Pobail na hAille, nó is féidir é a phiocadh suas ag caifé Ionad Seamus Ennis nó i siopa an tsráidbhaile agus tá sé ar fáil le híoslódáil ó láithreán gréasáin Chomhairle Contae Fhine Gall https://www.fingal.ie/sites/default/files/2020-05/naul-heritage-guide.pdf

Naul Heritage Guide
Naul Heritage Guide