Páirc San Caitríona

St Catherine's Park

Tá Páirc San Caitríona / Diméin Leamhcáin lonnaithe i gcontaetha Fhine Gall, Chill Dara, agus Átha Cliath Theas. Cuimsítear ann 200 acra d’fhearann coille agus de thalamh féaraigh. Tá an Life ina teorainn idir tailte Chomhairle Contae Átha Cliath Theas ó dheas agus an chuid eile den pháirc.

Tá droichead coisithe thar an abhainn sa pháirc, agus is féidir le coisithe dul isteach idir Léim an Bhradáin agus Leamhcán air sin. Tá bealach isteach d’fheithiclí agus páirceáil lonnaithe mar seo in aice leis an Ascaill Dhubh i gContae Chill Dara; Ón mbóthar idir Leamhcán agus Cluain Aodha; Gar do Láithreach Con i bhFine Gall; Ó Bhóthar Léim an Bhradáin (an R835) i Leamhcán, Contae Átha Cliath Theas.

Tá droichead coisithe thar an abhainn sa pháirc, agus is féidir le coisithe dul isteach idir Léim an Bhradáin agus Leamhcán air sin.

Áirítear iad seo a leanas i measc phríomhúsáidí áineasa agus taitneamhachta na páirce: siúl, lena n-áirítear siúl leis an madra, bogshodar, rothaíocht, spórt foirmiúil (sacar agus peil Ghaelach go príomha) agus canúáil. 

Suíomh an-chiúin is ea Páirc San Caitríona chun siúl trí mheascán de ghnéithe stairiúla, radhairc áite, coillearnach agus abhainn.

Suíomh an-chiúin is ea Páirc San Caitríona chun siúl trí mheascán de ghnéithe stairiúla, radhairc áite, coillearnach agus abhainn.

Bíonn go leor daoine ag bogshodar sa pháirc freisin. Tá lúba éagsúla idir 2km agus 5km ar fad leagtha amach tríd an gcoill, feadh aibhneacha agus timpeall ar pháirceanna, a chuireann éagsúlacht ar fáil do chuairteoirí spórtúla.

Téann Ionsaí na Life, rás canúála 25 mhíle a bhfuil cáil air, tríd an gcuid seo den abhainn. Bíonn an-tóir ar an gcanúáil gar don chora toisc go bhfuil loc-chomhla ann. 

Ina theannta sin, d’fhorbair Comhairle Contae Fhine Gall páirc cruicéid sa pháirc le déanaí.