Leabharlanna

Ionad Faisnéise Europe Direct– Leabharlann Bhaile Bhlainséir

Is é Ionad Faisnéise Europe Direct Bhaile Bhlainséir an chéad áit a dtiocfaidh tú ar fhaisnéis faoin AE.

Europe Direct logo 2021 irish

Cén rud é Ionad Faisnéise Europe Direct?

Is é Ionad Faisnéise Europe Direct ag Baile Bhlainséir an chéad áit a dtiocfaidh tú ar fhaisnéis faoin AE. San ionad seo tá teacht ar ábhar a chlúdaíonn réimse leathan topaicí, ina measc siúd tá:

  • Faisnéis ghinearálta ar an gcaoi a n-oibríonn an AE.
  • Eolas ar institiúidí agus áisíneachtaí éagsúla an AE.
  • An nuacht is déanaí ar chúrsaí agus imeachtaí an AE.
  • Eolas ar chearta saoránach san AE.

Tá Ionad Faiséise Europe Direct i Leabharlann Bhaile Bhlainséir mar chuid de líonra ionad den chineál céanna ar fud an Aontais Eorpaigh. Tá an t-ionad suite sa rannóg tagartha ar an dara hurlár.

Cuireann Ionad Faisnéise Europe Direct i mBaile Bhlainséir réimse áiseanna agus acmhainní ar fáil:

 

Cad iad na seirbhísí atá ar fáil ag Ionad Faisnéise Europe Direct i Leabharlann Bhaile Bhlainséir?

  • Tá bailiúchán foilseachán agus bróisiúr de chuid an Aontais Eorpaigh a chlúdaíonn réimse leathan ábhar a bhaineann leis an AE ar fáil saor in aisce.
  • Tá ríomhairí poiblí ar fáil saor in aisce chun gur féidir eolas faoi leith a bhaineann leis an AE a chuardach.
  • Teileafón poiblí ar fáil saor in aisce ar féidir glaoch ar líne chabhrach Saoránach Europe Direct le ceisteanna ar aon ghné den AE a bhfuil spéis agat ann: 0080067891011.

Tá rochtain ag cathaoireacha rothaí san Ionad Faisnéise agus tá teicneolaíochtaí cúnta ann a chinntíonn go mbíonn lánrochtain ag gach cuairteoir ar ár gcuid áiseanna.

Bímid  ag déileáil le héagsúlacht ceisteanna in Ionad Faisnéise Europe Direct. I measc na gcineálacha iarratas ar eolas tá na nithe seo a leanas san áireamh:Cén cineál ceisteanna ar féidir le hIonad Faisnéise Europe Direct cúnamh a thabhairt dom orthu?

  • Ceisteanna maidir le cén chaoi Pas de chuid an AE a fháil.
  • Eolas ar chúrsaí dlí a bhaineann le reachtaíocht an AE.
  • Iarratais ar eolas maidir le gnó a chur ar bun san AE.
  • Eolas maidir le cearta saoránach agus tomhaltóirí san AE.
  • Iarratais ar cháipéisíocht ghinearálta ar chóras feidhmithe an AE agus institiúidí de chuid an AE.

Áiseanna Ar líne

Lean Europe Direct Bhaile Bhlainséir ar Twitter: https://twitter.com/edinblanch?lang=en

Suíomh Idirlín Éireann Europe Direct: http://www.europedirect.ie/

Tabhair cuairt ar Shuíomh Idirlín Europe Directhttp://europa.eu/

Féach ar liosta Rannóga agus Seirbhísí de chuid an AE: http://ec.europa.eu/about/ds_en.htm

Faisnéis ar an AE do Leanaí agus Scoileanna: http://ec.europa.eu/ireland/education_en

Brabhsáil ar Rogha de Chluichí Téamúla an AE do Pháistí: http://europa.eu/kids-corner/index_en.htm