Leabharlanna Oidhreacht agus Caomhnú

Leabharlann um Staidéir Áitiúla

Is é an fáth a mbunaíodh Staidéir Áitiúla Fhinne Gall ná chun ábhair a bhaineann le stair agus le hoidhreacht an Chontae a bhailiú, a chaomhnú agus a chur ar fáil chun taighde a dhéanamh leis

Uaireanta Oscailte

Ón Luan, an 20 Deireadh Fómhair, amach beidh ar thaighdeoirí agus cuairteoirí eile chuig Staidéir Áitiúla agus Cartlann Fhine Gall coinne a dhéanamh roimh ré.

Cé go mbeidh an seomra léitheoireachta oscailte mar is gnách, beidh ort coinne a dhéanamh roimh duit cuairt a thabhairt orainn trí ghlao teileafóin a thabhairt ar 01-8704495/8704486 nó ríomhphost a sheoladh chuig  %61rch%69ve%[email protected] " rel="nofollow"> [email protected]

Luan go hAoine: 10.00am go dtí 1.00pm agus 2.00pm go dtí 5.00pm
Satharn: Dúnta

Téigh i dTeagmháil Linn

Tríd an bPost : Staidéir Áitiúla & Cartlann Fhine Gall, 46 An tSráid Thuaidh, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath
Trí Ríomhphost: [email protected]

Ar an Teileafón:  (01) 8704495/8704486 

Cé a bhaineann úsáid asainn?

Tá an tseirbhís cairdiúil éifeachtúil seo againne ar fáil d’aon duine a bhfuil suim aige sa stair áitiúil, sa stair shóisialta nó sa stair theaghlaigh. Tá fáilte roimh gach uile chineál de thaighdeoirí, bíodh siad taighdeoirí gairmiúla nó amaitéaracha, mic léinn aonaracha ar leith, grúpaí, ranganna etc. Tugtar fáilte roimh fhiosruithe ar an bhfón, sa phost nó trí ríomhphost.

Cad é a chuirimid ar fáil?

Sa bhailiúchán seo againne, cuimsítear raon mórfhairsing de leabhair thagartha a bhaineann le Fine Gall agus le hÉirinn. I measc na n-acmhainní eile atá againn áirítear eolairí, léarscáileanna, páipéir eastát, nuachtáin, grianghraif, cártaí poist, páipéir stáit, agus taifid daonáirimh agus eaglasta. 

Cén fáth nach gcaithfeá súil thar roinnt agallamh atá déanta le pearsanra spóirt mór le rá de chuid Fhine Gall anseo Sport Stars - YouTube

Tá Sraith 1 agus 2 den Bhailiúchán Stair Bhéil Fhine Gall ar fáil sa leabharlann agus ar líne ag Staidéir Áitiúla Fhine Gall - YouTube

Déanann an staraí Joseph Byrne eagarthóireacht ar an irisleabhar staire áitiúil againne Fingal Studies atá ar fáil anseo agus sna leabharlanna brainse go léir againne chomh maith.

I measc na bailiúcháin speisialta atá againn áirítear Taifid Ghraí Chlochráin, comhfhreagras agus earraí cuimhneacháin Chumann na mBan, Bailiúcháin Thomáis Ághais, bailiúchán Spóirt Fhine Gall agus roghnúchán ó pháipéir eastát mhuintir Thablóid de Mhullach Íde ar dhlúthdhiosca.

Tá roghnúchán de na cártaí poist agus grianghraif atá againn ar fáil anseo, gur féidir súil a chaitheamh tharstu Flickr: Fingal Local Studies' Photostream