Baile Átha Cliath Cliste

Smart Dublin Group

Is tionscnamh de chuid na gceithre údarás áitiúil i mBaile Átha Cliath é Baile Átha Cliath Cliste; Comhairle Contae Fhine Gall, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas, agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Tá Baile Átha Cliath cliste á rialú ag coiste stiúrtha ar a bhfuil ionadaithe ó na húdaráis thuasluaite agus ó Ollscoil Mhá Nuad. Bainistíonn Foireann Réigiúnach Bhaile Átha Cliath Cliste oibríochtaí laethúla agus tá siad lonnaithe in Oifigí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, 3 Sráid an Pháláis, Baile Átha Cliath 2, Éire.

Trí chomhoibriú agus rannpháirtíocht le soláthraithe teicneolaíochta, taighdeoirí agus foireann roinne, tá Baile Átha Cliath Cliste dírithe ar nuálaíocht a spreagadh agus réitigh a fhorbairt a théann i ngleic le dúshláin ar fud réigiún Bhaile Átha Cliath; lena chinntiú gur áit níos fearr a bheidh ann chun maireachtáil ann, obair ann agus gnó a dhéanamh ann.

 

Príomhchuspóir Bhaile Átha Cliath Cliste:

  • Seirbhísí Níos Fearr a Chur ar Fáil – Seirbhísí poiblí a fhorbairt agus a éascú atá níos fearr, níos éasca, níos éifeachtúla agus níos inrochtaine do shaoránaigh.
  • Réitigh Nuálacha a Chur Chun Cinn – Réitigh nua, nuálacha agus níos fearr ar dhúshláin reatha agus thodhchaíocha a mbíonn tionchar acu ar ár saoránach, gnóthaí agus cuairteoirí a chur ar fáil.
  • Gníomhaíocht Gheilleagrach a Fheabhsú – Tacú le forbairt gheilleagrach réigiúnach trí chabhrú le héiceachóras a chruthú a mheallann agus a sholáthraíonn deiseanna d’fhiontraithe, d’infheisteoirí agus do ghnothaí, agus a chuireann é seo in iúl don saol mór.
  • Comhoibriú agus Rannpháirtíocht a Mhéadú – Deiseanna comhoibrithe agus comhpháirtíochtaí éifeachtacha inmheánacha agus seachtracha a chruthú le húdaráis áitiúla, eagraíochtaí eile san earnáil phoiblí, an saol acadúil, gníomhaireachtaí seachtracha, gnóthaí, saoránaigh agus comhpháirtithe idirnáisiúnta.

 

Más spéis leat tuilleadh eolais faoi thionscnaimh Bhaile Átha Cliath Cliste tabhair cuairt ar - https://smartdublin.ie/

 

Smart Dublin Logo