Comharthaíocht

Fingal County Council has been shortlisted for four Ireland eGovernment Awards which recognise organisations that are pioneering changes and helping deliver better online services.

Comharthaíocht le Route4U: Conas is féidir inrochtaineacht a fheabhsú áit ar bith in Éirinn? Níl ag teastáil ach 30 soicind agus fón cliste.

In 2017, bhuaigh Route4U Dúshlán Comharthaíochta SBIR Bhaile Átha Cliath Cliste, dúshlán a bhunaigh Comhairle Contae Fhine Gall agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, i gcomhpháirtíocht le Fiontraíocht Éireann. Fuair an chuideachta maoiniú chun a réiteach inrochtaineachta nuálach, aipbhunaithe a fhorbairt agus a chur ar fáil ar bhonn píolótach.

Ní bhíonn sé éasca i gcónaí ag daoine ag a bhfuil soghluaisteacht laghdaithe nó riachtanais dhifriúla gluaiseachta, dul ó A go B.  D’fhéadfadh saincheisteanna pleanála leagáide, mar aon le heaspa feasachta maidir le bacainní poiblí deacrachtaí a chruthú do go leor daoine, cosúil le húsáideoirí cathaoireacha rothaí nó daoine le pramanna.

Cabhraíonn an aip Route4U, trí bhailiú sonraí sluafhoinsithe, ceann de na bacainní ar inrochtaineacht a laghdú, is é sin dothuarthacht - gan eolas faoi úsáideacht bealaigh. Trí fhaisnéis ar ardchaighdeán a sholáthar faoi bhacainní cosáin, cuireann an aip ar chumas daoine baic a thuairisciú, agus ceadaíonn sé do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a gcuid aistear a phleanáil ar bhealach níos fearr, rud a thugann breis saoirse dóibh.      

Bhain Comhairle Contae Fhine Gall úsáid phíolótach as Route4U ar dtús ar an bPríomhsráid, i gCaisleán agus i Halla an Chontae i Sord. I rith suirbhéanna ar an gceantar bailíodh sonraí faoi bhacainní cosáin, caighdeán dromchla, agus airde colbha ag trasrianta, mar aon le leithid agus claonta cosán. Tá an bunachar sonraí á choinneáil cothrom le dáta an t-am ar fad ag oibrithe deonacha a bhfuil bacainní á dtuairisciú acu. Is féidir le haon duine ag a bhfuil fón cliste an aip a íoslódáil, bacainn a thuairisciú, agus is féidir le húsáideoirí cathaoireacha rothaí an fheidhm “auto-survey” a chasadh air nuair a bhíonn cosáin in úsáid acu, rud a ghníomhachtaíonn na braiteoirí ar a bhfón chun na sonraí a bhailiú go huathoibríoch. Thuairiscigh oibrithe deonacha breis is 100 bacainn i mbeagán le cois mí amháin!

Ag cur leis an rath a bhí ar an tréimhse phíolótach, sheol Comhairle Contae Fhine an aip Route4U ar an 4 Meán Fómhair 2018 d’fheachtas náisiúnta míosa ‘MakeWayDay’, i gcomhpháirt le Cónaidhm na hÉireann um Míchumas. Ghlac na mílte duine páirt san Fheachtas MakeWayDay ar fud an chontae, feachtas a spreag saoránaigh chun na bacainní atá ag cur isteach ar a soghluaisteacht ina bpobal féin a thuairisciú.

Is féidir le saoránaigh agus le húdaráis áitiúla go leor buntáistí a bhaint as an aip Route4U. Le cois rochtain ar fhaisnéis maidir le hinsiúltacht agus inrolltacht bealaí a chur ar fáil, cuireann an aip seo eolas ar fáil go díreach do chomhairlí áitiúla, rud a chabhraíonn le Ranna Bóithre agus Pleanála cinntí níos cliste, fianaisebhunaithe a dhéanamh.

Tá an Aip Route4U saor in aisce agus is féidir é a uaslódáil le haghaidh gléasanna iOS agus Android.

Tá úsáid á baint ag daoine as ar fud an domhain as Route4U. I láthair na huaire tá na forbróirí ag obair le cathracha san Ungáir, sa Ríocht Aontaithe, in Éirinn agus sa Fhrainc, agus é mar aidhm acu go mbeidh inrochtaineacht sofheicthe agus inchuardaithe ar líne ar ardán domhanda atá ag dul i bhfeabhas gach lá mar gheall ar rannpháirtíocht ghníomhach an phobail. 

Bhí an tionscadal Inrochtaineachta Comharthaíochta gearrliostaithe sa chatagóir Dearadh Uilíoch agus sa Ghradam Rialtais Áitiúil i nGradaim Ríomhsheirbhísí an Rialtais 2019.