Fine Gall ag ceiliúradh na hiléagsúlachta ar fud an chontae le seoladh an fheachtais “We are Fingal”

Fingal Integration

Fine Gall ag ceiliúradh na hiléagsúlachta ar fud an chontae le seoladh an fheachtais “We are Fingal

 

Tá feachtas nua seolta inniu ag Comhairle Contae Fhine Gall atá bunaithe ar phobal atá níos lánpháirtiúil go sóisialta a fhorbairt ina nglactar le gach uile chineál duine agus ina bhfuil meas ar na difríochtaí agus chun ceiliúradh a dhéanamh freisin ar an obair mhór a dhéanann áitritheoirí ina gceantair féin.

 

Tarraingeoidh an feachtas “We Are Fingal" aird ar an obair atá ar bun ag an gComhairle chun tacú lena cuid saoránach agus léireoidh an gealltanas atá déanta aici lena chinntiú go sásófar riachtanais an daonra thar a bheith iléagsúil atá le fáil ar fud an chontae.

 

Tionólfar an feachtas seo ar na hardáin meán sóisialta chomh maith le hé a fhógairt ar chláir fógraí ar thaobh an bhóthair, ar thaispeántais dhigiteacha in ionaid siopadóireachta, in ollmhargaí Tesco agus sna scáthláin bhus i réigiún Fhine Gall. 

 

Tá an Chomhairle ag baint úsáid as an bhfeachtas le haird a tharraingt ar an bhfoireann oibre iléagsúil agus fhuinniúil atá aici, a mbaintear leas as na scileanna, tallann agus taithí éagsúil atá acu i leith a gcuid oibre. Ní hamháin go gcreideann sí go gcuidíonn a leithéid d’fhoireann iléagsúil le saibhreas a chur leis an ionad oibre ach go gcuidíonn sí leis an gcomhairle tuiscint níos fearr a fháil ar na daoine a ndéanann sí ionadaíocht orthu. Tabharfaidh sé ugach do shaoránaigh a bheith páirteach sa saol áitiúil agus cuideoidh le tionchar a imirt ar chinntí a mbeidh tionchar acu ar an saol a chaitheann siad ó lá go lá.
 

Tá inimirce agus athruithe sciobtha feicthe ag sochaí na hÉireann le scór bliain, athruithe ina gcuimsítear leibhéal i bhfad níos airde den iléagsúlacht chultúir agus eitneach. Tá go leor buntáistí ag baint leis an tionchar atá ag an ardú atá ar dhaoine ó chúlraí imirceacha a bheith ag cur fúthu i bhFine Gall, gnónna nua, saibhreas cultúir agus scileanna nua teanga ina measc.

 

Cé go mbíonn go leor deiseanna ag baint leis an iléagsúlacht, bíonn dúshláin i gceist léi chomh maith. Chuige sin, leanann an Chomhairle uirthi ag obair taobh leis an bpobal lena chinntiú go bhfuil na hacmhainní riachtanacha go léir ar fáil chun cur leis an gcaighdeán saoil do gach áitritheoir de réir mar a bheidh Fine Gall ag fás.

 

Beidh Seachtain Ionchuimsithe Fhine Gall ar siúl don tríú bliain freisin i mí na Samhna (15-21 Samhain). Cuideoidh grúpaí agus eagraíochtaí áitiúla le breis is 50 imeacht saor in aisce ar fud an chontae a reáchtáil. Chun na himeachtaí a bheidh ar siúl a fháil amach téigh chuig: https://fingalppn.ie/fingalinclusionweek

 

Inclusion Week 2021