Seachtain um Chuimsiú Fhine Gall 2021 - Tá sé do Gach Duine !

Tá rud éigin ann do gach blas sa chlár iontach atá beartaithe don tríú Seachtain um Chuimsiú Fhine Gall le níos mó ná 76 imeacht ar siúl timpeall an Chontae. 

Fingal Inclusion Week Launch 2021

Tá rud éigin ann do gach blas sa chlár iontach atá beartaithe don tríú Seachtain um Chuimsiú Fhine Gall le níos mó ná 76 imeacht ar siúl timpeall an Chontae. Is tionscnamh de chuid Oifig Phobail Chomhairle Contae Fhine Gall, an tOifigeach Lánpháirtíochta agus Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Fhine Gall an tseachtain, a bheidh ar siúl ón 15 Samhain go 21 Samhain. 

Tá sé mar aidhm ag Seachtain um Chuimsiú Fhine Gall aird a tharraingt ar an obair dhearfach atá pobail, gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí eile ag déanamh chun eisiamh sóisialta agus bochtaineacht i bhFine Gall a laghdú. 

Dúirt Méara Fhine Gall an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh: “Ba mhaith liom moladh a thabhairt don iliomad grúpaí Pobail agus Deonacha a d’fhreagair an glao chun páirt a ghlacadh i Seachtain um Chuimsiú Fhine Gall agus is iontach an réimse éagsúil ceardlann agus imeachtaí a fheiceáil, lena n-áirítear imeachtaí duine le duine atá indéanta i mbliana. Tugtar deis le linn na seachtaine nascadh agus spraoi a bheith agat ag gníomhaíochtaí cosúil le maidin chaife, amhránaíocht, Rugbaí nó bácáil agus ceardlanna ar ábhair mar aireachas agus sábháilteacht Idirlín agus ag an am céanna ag soláthar ardáin do ghrúpaí a gcuid seirbhísí agus gníomhaíochtaí a thaispeáint.” 

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá pobal láidir beoga agus earnáil dheonach ag Fine Gall ag obair i gcomhar le hOifig Phobail Chomhairle Contae Fhine Gall chun seirbhísí a sholáthar agus chun eisiamh sóisialta ar fud an Chontae a chomhrac. Leis an aonrú a d’fhulaing go leor daoine le linn Covid 19 leagadh tuilleadh béime ar thábhacht an chuimsithe shóisialta dár sláinte agus dár bhfolláine. Beidh éifeacht mharthanach ag seachtain um Chuimsiú Fhine Gall chomh maith le raon gníomhaíochtaí agus ceardlann a chur ar fáil chun aird a tharraingt ar na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí atá ar fáil agus ar chumas daoine rochtain a fháil orthu agus páirt a ghlacadh.” 

D’admhaigh Stephanie Obijiakui, Grúpa Stiúrtha Sheachtain um Chuimsiú Fhine Gall: “Tá Cuimsiú Sóisialta ar cheann de na piléir de PPN Fhine Gall agus mar sin tá áthas ar an gCoiste Stiúrtha an freagra iontach ó bhaill PPN a fheiceáil maidir le bheith páirteach sa tionscnamh seo don tríú bliain as a chéile agus is mór acu obair in éineacht leis an Oifig Forbartha Pobail i bhforbairt na Seachtaine um Chuimsiú. I ndáiríre, tá an cuimsiú do gach duine agus mar sin féach ar an raon leathan imeachtaí atá á dtairiscint i rith Seachtaine um Chuimsiú Fhine Gall.” 

Tá Seachtain um Chuimsiú Fhine Gall an-tábhachtach chun feasacht a mhúscailt faoin obair den scoth atá á déanamh ag grúpaí pobail agus Oifig Forbartha Pobail Fhine Gall, Oifigeach Lánpháirtíochta Fhine Gall, agus Líonra Rannpháirtíochta an Phobail chun eisiamh sóisialta a chomhrac. 

Féachann an tseachtain freisin le feasacht a mhúscailt faoi na constaicí a bhíonn roimh shaoránaigh Fhine Gall as a dtagann eisiamh sóisialta agus a chuireann tuiscint ar chuimsiú i bhFine Gall chun cinn. Beidh eagraíochtaí rannpháirteacha agus grúpaí pobail ar nós na Seirbhísí Tacaíochta Imirceach, Rush Senior Citizen, OWLS The Childrens Nature Charity, Black Raven Pipe Band ag óstáil maidin chaife, taispeántais agus gníomhaíochtaí allamuigh. 

Cuirfidh Seachtain um Chuimsiú Fhine Gall ardán ar fáil do ghrúpaí agus do sheirbhísí mar Ionad Bhaile Bhlainséir um Maireachtáil Neamhspleách, Meabhairshláinte na hÉireann, agus Comhairle Pobail na hAille. 

Cór Eaglais Pharóiste Naomh Bríd, Baile Bhlainséir, agus Líonra Eitneach Fhine Gall chun insint do dhaoine faoina gcuid gníomhaíochtaí agus conas a bheith páirteach. 

Tá na himeachtaí go léir saor in aisce, agus tá rud éigin ag an gclár ann do gach duine. Tá imeachtaí spraíúla ann chun páirt a ghlacadh iontu ar nós Oíche Amhránaíochta, Aonach Bácála Ilchultúrtha, Réamhrá ar Rugbaí Tadhaill, Cumhacht an Dúlra agus an Phobail, Fanaigí Slán ar an Idirlíon, agus Réamhrá ar Aireachas. 

Mar chuid de ghníomhaíochtaí na seachtaine, beidh deis ag gach duine páirt a ghlacadh i gceardlanna ar líne nó in imeachtaí fisiciúla a bheidh ar siúl ar fud an chontae. Iarraimid, áfach, go gcloíonn tú le treoirlínte reatha an rialtais um COVID19 má fhreastalaíonn tú ar aon cheann de na himeachtaí fisiciúla. 

Le haghaidh tuilleadh faisnéise / clárúcháin don 76 imeacht a bheidh ar siúl, téigh chuig 

www.fingalinclusionweek.ie www.fingalinclusionweek.ie