Dámhadh stádas mar Leabharlann Tearmainn do Leabharlann Bhaile Bhlainséir.

Tá ríméad ar Leabharlanna Fhine Gall a fhógairt gur dámhadh stádas mar Leabharlann Tearmainn do Leabharlann Bhaile Bhlainséir. Tar éis punann fhairsing a chur faoi bhráid Places of Sanctuary Ireland, tugadh dámhachtain na Leabharlainne Tearmainn do Leabharlann Bhaile Bhlainséir mar aitheantas don obair chomhsheasmhach nuálach atá á déanamh aici chun a chinntiú go gcuireann Leabharlann Bhaile Bhlainséir an cuimsiú agus cultúr fáilte chun cinn. Agus í ag leanúint lorga Leabharlann Bhaile Brigín, is í Leabharlann Bhaile Bhlainséir an dara leabharlann i bhFine Gall ar tugadh aitheantas mar Leabharlann Tearmainn di.

Blanchardstown Library Sanctuary status.

Bhronn an Dr Veronica Crosbie an dámhachtain ag searmanas a d’óstáil Leabharlann Bhaile Bhlainséir Dé Luain an 7 Iúil ag 2.30pm. D’fhreastail na comhaltaí den choiste dámhachtana agus de ghrúpaí leasmhara áitiúla a rannchuidigh leis an aighneacht le haghaidh stádas mar leabharlann tearmainn thar ceann Leabharlann Bhaile Bhlainséir ar an ócáid.

Is é is Places of Sanctuary Ireland ann ná líonra grúpaí i mbailte, i gcathracha agus i bpobail áitiúla a bhfuil sé mar aidhm chomhchoiteann acu cultúr fáilte agus cuimsitheachta a chur chun cinn i ngach earnáil den tsochaí, ionas gurb amhlaidh, cibé áit a dtéann daoine atá ag lorg tearmainn, a mhothóidh siad sábháilte, a gheobhaidh siad daoine a chuireann fáilte rompu agus a thuigeann cén fáth a bhfuil siad anseo, agus a bheidh deiseanna acu páirt a ghlacadh i ngach gníomhaíocht. Úsáidtear Dámhachtainí Tearmainn chun aitheantas a thabhairt d’obair eiseamláireach sa réimse sin. Tugtar Dámhachtain Tearmainn d’aon eagraíocht a léiríonn tiomantas do luachanna agus fís na fáilte agus a bhfuil prionsabail an líonra curtha i bhfeidhm aici laistigh den eagraíocht agus laistigh dá cuid tionscadal nó gníomhaíochtaí. 

Blanchardstown Library Sanctuary status.

Dúirt Betty Boardman, Leabharlannaí an Chontae: 

“Imríonn leabharlanna ról tábhachtach i bpobail chomhtháite agus inbhuanaithe a thógáil agus i dtacú le comhfhorbairt áite shláintiúil trí spás pobail cuimsitheach, bailiúcháin chuimsitheacha agus cláir chuimsitheacha a sholáthar a mheallann daoine agus a thacaíonn le cultúr, le háineas, le litearthacht, le hoideachas agus le foghlaim ar feadh an tsaoil. Tá an dámhachtain seo ina fianaise ar dhícheall agus díograis na mball foirne uile i Leabharlann Bhaile Bhlainséir agus i Leabharlanna Fhine Gall, a leanann orthu ag neartú pobal agus ag tacú leo trí sheirbhís leabharlainne atá dinimiciúil, cuimsitheach agus fhreagrach a sholáthar.” 

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil leo seo: 

Brian Mulcahy, Leabharlannaí Feidhmiúcháin Sinsearach / Yinka Parm, Leabharlannaí 

Leabharlann Bhaile Bhlainséir

Teil.: 01- 8905560

R-phost: [email protected]  / [email protected]