Trí Ghrúpa Fhine Gall chun páirt a ghlachadh i gComórtas Ómós Áite IPB, 2025
Déanfaidh Thrive Balbriggan, Pobal Ghleann na hAbhann agus Ráth Aingil i Sord, agus Tionscadal Bithéagsúlachta Lóiste Chúil Mhín i mBaile Átha Cliath 15 ionadaíocht do Chomhairle Contae Fhine Gall i dtrí chatagóir dhifriúla nuair a thiocfaidh an fhoireann moltóireachta chuig an gcontae Dé Luain an 25 Lúnasa agus Dé Máirt an 26 Lúnasa.

Cuirfear an mholtóireacht i gComórtas Ómós Áite IPB i bhFine Gall ar siúl i mí Lúnasa i mbliana, agus trí ghrúpa roghnaithe cheana féin chun ionadaíocht a dhéanamh don chontae agus chun a thaispeáint cén fáth ar samplaí iad de scoth na Forbartha Pobail ar oileán na hÉireann.
Déanfaidh Thrive Balbriggan, Pobal Ghleann na hAbhann agus Ráth Aingil i Sord, agus Tionscadal Bithéagsúlachta Lóiste Chúil Mhín i mBaile Átha Cliath 15 ionadaíocht do Chomhairle Contae Fhine Gall i dtrí chatagóir dhifriúla nuair a thiocfaidh an fhoireann moltóireachta chuig an gcontae Dé Luain an 25 Lúnasa agus Dé Máirt an 26 Lúnasa.
Agus é ar an bhfód le 23 bliana anois, tá an comórtas, atá á eagrú ag Comhar Éireann, mar chuid d’iarrachtaí caidreamh pobail níos fearr a bhrú chun cinn ar oileán na hÉireann. Sa Chomórtas Ómós Áite, tugtar cuireadh d’údaráis áitiúla in Éirinn, ó thuaidh agus ó dheas, chun na grúpaí agus na pobail sin a chabhraíonn le háiteanna le bheith bródúil astu a dhéanamh de phobail a ainmniú. Téann na grúpaí in iomaíocht i gcatagóirí éagsúla agus déantar moltóireacht orthu ina bpobail féin trí chur i láthair agus trí thuras.
Tá sárchuntas teiste ag Comhairle Contae Fhine Gall sa chomórtas seo, agus an Gradam don Rannpháirtíocht Pobail is Fearr a bheith buaite aici anuraidh. Sa bhliain 2024 freisin, bhuaigh baile Lusca an chéad duais sa chatagóir do Phobail a bhfuil daonra os cionn 5000 duine acu, agus bhí Ionad Pobail Chaisleán Cnucha, Lóiste an Labhrais, sa dara háit sa chatagóir ina n-aithnítear cuimsiú sóisialta agus éagsúlacht. Cuireadh na babhtaí ceannais ar siúl i mbaile Mhuineacháin i mí na Samhna anuraidh.

Tá Ionad Pobail Ghleann na hAbhann, Sord, ag stiúradh na n-iarrachtaí sa chatagóir um Chomharsanachtaí Uirbeacha i mbliana, agus tá coiste a dhéanann ionadaíocht do na príomh-gheallsealbhóirí pobail go léir sa cheantar ag obair go gnóthach ar fud an tsamhraidh ar a chur i láthair agus ar a thuras, agus béim ar leith á leagan ar fhorbairtí le déanaí agus ar fhorbairtí amach anseo don ionad bisiúil sin.
Tionscadal meabhairshláinte Thrive Balbriggan, a bhfuil duaiseanna buaite aige roimhe seo, déanfaidh sé ionadaíocht d’Fhine Gall sa chatagóir um Shláinte agus Folláine i mbliana. Tá an chatagóir sin dírithe ar an Tionscadal Mapála Áiteanna agus Spásanna Iontacha, a bhuaigh gradam LAMA (Cumann Chomhaltaí na nÚdarás Áitiúil) d’Fhine Gall i mí Feabhra.
Tá Lóiste Chúil Mhín i mBaile Átha Cliath 15 iontráilte sa Chatagóir um Ghníomhú ar son na hAeráide agus Bithéagsúlacht, agus béim ar leith á leagan ar na tionscadail atá neamhdhíobhálach don chomhshaol atá déanta ag grúpaí pobail áitiúla i gcomhpháirt le Lóiste Chúil Mhín.
Ag labhairt dó roimh na babhtaí ceannais, dúirt an Comhairleoir Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Ba mhaith liom gach rath a ghuí ar na trí ghrúpa i bhFine Gall a bheidh ag glacadh páirt sa Chomórtas Ómós Áite i mí Lúnasa. Níl aon amhras orm ach go leanfaidh siad den traidisiún láidir de ghrúpaí agus pobail áitiúla a bheith ina n-ábhar bróid ag Fine Gall agus ag an gComhairle sa chomórtas seo ina n-aithnítear an tábhacht ollmhór atá ag an earnáil pobail agus dheonach i saol an chontae, agus is rud é sin ar cheart dúinn go léir a bheith bródúil as.”
Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “tá an obair iontach a dhéanann ár ngrúpaí deonacha, agus an tacaíocht láidir a fhaigheann siad ónár nOifig Forbartha Pobail, ina gcuid ríthábhachtach den bhraistint phobail atá le feiceáil sa chontae agus tá sé tábhachtach go dtabharfaí aitheantas agus luach saothair ina leith sin, faoi mar a tharla i Muineachán anuraidh nuair a bhuaigh Comhairle Contae Fhine Gall an gradam don Rannpháirtíocht Pobail is Fearr. Ba mhaith liom gach rath a ghuí ó chroí ar na trí ghrúpa go léir le linn chuairt na moltóirí ar Fhine Gall an mhí seo chugainn.”
Cuirfear babhtaí ceannais Chomórtas Ómós Áite IPB, 2025, ar siúl i Luimneach Dé hAoine an 7 Samhain. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin gComórtas Ómós Áite, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Rafe Costigan, oifigeach idirchaidrimh na Comhairle, ag 087-2203944 nó ag
