Tá tionscadal athchóirithe píobán sceite uisce dromchla Thrá an Choinicéir críochnaithe
Tá áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go bhfuil tionscadal athchóirithe píobán sceite uisce dromchla Thrá an Choinicéir críochnaithe go rathúil.

Tá áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go bhfuil tionscadal athchóirithe píobán sceite uisce dromchla Thrá an Choinicéir críochnaithe go rathúil. Mar thoradh an tionscadal sin, rud a raibh sé i gceist leis córas nua píobán agus bloc tuiní a shuiteáil trasna Thrá an Choinicéir chun an píobán sceite atá ann cheana a athsholáthar, beidh feabhas ann ar limistéar na trá agus beidh athléimneacht fhadtéarmach ag an ngréasán uisce stoirme.
Rinneadh na hoibreacha suiteála ag an taoide is ísle gan úsáid a bhaint as bratphílí. Baineadh úsáid as tochaltóir agus as dumpaire den chuid is mó, agus críochnaíodh na hoibreacha laistigh de 12 sheachtain, in am don séasúr snámha. Ní dhearnadh ach an cur isteach ab ísle ab fhéidir ar an bpobal áitiúil agus ar úsáideoirí na trá le linn an tionscadail. Rinneadh é i gcomhréir le caighdeáin chomhshaoil freisin, toisc go dtrasnaíonn an láithreán Limistéar Caomhantais Speisialta atá tábhachtach mar gheall ar na Réileáin Láibe Taoide atá istigh ann agus Limistéar Cosanta Speisialta atá tábhachtach mar gheall ar na héin uisce atá istigh ann.
Ba é a bhí i gceist leis an tionscadal ná bloic thuiní dheighilte coincréite réamhtheilgthe a dhearadh agus a shuiteáil ar bhunsraith a bhí comhdhéanta de thochtanna cloiche gaibiúin galbhánaithe a raibh clúdach PVC orthu agus d’fholeagan geoiteicstíle chun 95 m de phíobán Poileitiléine Ard-dlúis (HDPE) a bhí 315 mm ar trastomhas a iompar. Caithfidh an phíblíne sin a bheith in ann fórsaí taobhacha agus díreacha tonnta agus taoide a sheasamh, agus sonraíodh coincréit neamhthreisithe den aicme nochta le haghaidh na mbloc, agus í daingnithe le duail cruaiche dosmálta de ghrád muirí. Ba ghá an struchtúr bloc tuiní coincréite a bhí ann cheana a bhriseadh ina phíosaí inláimhsithe agus a ghlacadh amach as an láithreán chun iad a bhrú agus a athúsáid mar líonadh in áit eile.

Dúirt Mary T Daly, Stiúrthóir Seirbhíse um Oibríochtaí, Comhairle Contae Fhine Gall: “Bhí an píobán sceite a bhí ann cheana faoi réir creimeadh agus gníomhaíocht stoirmeacha a tharla thar na blianta agus tháinig meath suntasach air le himeacht ama. Tháinig a bhloic thuiní chun bheith scaoilte agus ní raibh sé oiriúnach don fheidhm. Is infheistíocht sa todhchaí don limistéar í an obair athchóirithe seo, ós rud é go bhfuil an píobán slán anois agus go bhfuil an sreabhadh cuí athbhunaithe.”
Rinne criú mionoibreacha Chomhairle Contae Fhine Gall féin na hoibreacha láithreáin go hinmheánach. Chabhraigh saineolas agus taithí an chriú leis an scéim a chríochnú laistigh de thréimhse ghearr roimh an séasúr snámha. Rinne Malachy Walsh and Partners, Innealtóirí Comhairleacha, an dearadh, agus leas á bhaint acu as ionchur ó Scott Cawley Associates, éiceolaithe. Ba é Shay Murtagh Precast Ltd a sholáthair na príomheilimintí struchtúracha, amhail bloic coincréite réamhtheilgthe.
