Tá Páirc Líneach Ghoirt an Teampaill Oscailte go hOifigiúil – Croí Glas Nua do Bhaile Átha Cliath 15

Tá tús curtha le caibidil nua bheoga do phobail Thobar Muire, Radharc an Tobair agus Ghoirt an Teampaill a bhuí le hoscailt oifigiúil Pháirc Líneach Ghoirt an Teampaill, atá ina spás glas claochlaitheach atá deartha chun feabhas a chur ar cháilíocht na beatha, chun inbhuanaitheacht a chur chun cinn agus chun nasc pobail a chothú.

Churchfields Opening

Tá tús curtha le caibidil nua bheoga do phobail Thobar Muire, Radharc an Tobair agus Ghoirt an Teampaill a bhuí le hoscailt oifigiúil Pháirc Líneach Ghoirt an Teampaill, atá ina spás glas claochlaitheach atá deartha chun feabhas a chur ar cháilíocht na beatha, chun inbhuanaitheacht a chur chun cinn agus chun nasc pobail a chothú.

Ba é an Comhairleoir Tom O’Leary, Méara Fhine Gall, in éineacht le Jack Chambers TD, an tAire Caiteachais Phoiblí, agus le AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, a d’oscail an pháirc go hoifigiúil an 4 Iúil 2025. Ina measc siúd a bhí i láthair ag an imeacht bhí comhairleoirí áitiúla, ceannairí pobail, agus comhpháirtithe tionscadail lena n-áirítear GEM Construction, agus an t-imeacht ag comóradh garsprioc shuntasach i bpleananna forbartha uaillmhianacha Fhine Gall a chur i gcrích.

Church Fields Linear Park Opening Walkthrough July 2025

Agus iad ag cuimsiú achar fairsing, tá na gnéithe seo a leanas sa Pháirc Líneach nua agus i bPáirc Radharc an Tobair atá in aice láimhe:

  • Na céadta crann nuachurtha
  • 1,000 méadar cearnach d’fhálta dúchasacha
  • 30,000 méadar cearnach d’fhéarach taitneamhachta
  • Limistéir súgartha thiomnaithe do lapadáin agus do dhéagóirí, lena n-áirítear crios súgartha céadfach inrochtana
  • Soilsiú poiblí nua-aimseartha, comharthaíocht nua-aimseartha, troscán sráide nua-aimseartha, agus pointí rochtana sábháilte do choisithe
Churchfields Opening

Trí infheistíocht iomlán ab ionann agus €6.2 milliún, tá an pháirc ina heiseamláir shuaitheanta den dóigh ar féidir le bonneagar poiblí pobail a ardú agus spásanna cuimsitheacha inrochtana a chruthú do chách.

Is cúis mhór áthais dom an pháirc líneach nua i nGoirt an Teampaill a oscailt go hoifigiúil,” arsa an Comhairleoir Tom O’Leary, Méara Fhine Gall. “Tá níos mó ná spás glas i gceist leis an bpáirc seo – is siombail í freisin den chineál pobail atáimid ag tógáil anseo i Mullach Eadrad agus ar fud Fhine Gall.

Mar Mhéara, táim tiomanta dá chinntiú go soláthraítear an bonneagar agus na taitneamhachtaí a chabhraíonn le teaghlaigh teacht faoi bhláth nuair a thógtar forbairtí nua. Leis an bpáirc seo, comhlíontar an gealltanas sin, agus í ina spás sábháilte, beoga agus inbhuanaithe inar féidir le leanaí súgradh, inar féidir le comharsana bualadh le chéile, agus inar féidir le cónaitheoirí taitneamh a bhaint as an dúlra ar leac an dorais acu.

Tá Goirt an Teampaill ar cheann de na tionscnaimh tithíochta inacmhainne is uaillmhianaí sa tír, agus tá an pháirc seo ina cuid dhílis d’fhíorphobal a dhéanamh de. A bhuí le bealaí nua siúil agus rothaíochta, le plandaí atá dírithe ar bhithéagsúlacht, agus le limistéir shúgartha chuimsitheacha, léirítear inti tiomantas daingean Fhine Gall don inbhuanaitheacht, don chuimsitheacht agus do cháilíocht na beatha.

Táim ag súil le beocht a bheith ag teacht sa spás seo le linn mhíonna an tsamhraidh de réir mar a shocraíonn teaghlaigh isteach agus a dhéanann siad a gcuid féin de.”

Churchfields Opening

Tá an pháirc ina bunchloch de Mháistirphlean Ghoirt an Teampaill, a bhfuil sé mar aidhm leis tithíocht inacmhainne a sholáthar le hais bonneagar riachtanach. Is suite sa limistéar cheana féin atá ceann de na chéad timpealláin atá le leas rothaithe in Éirinn, agus tá obair ar bhealach rothaíochta nua ar bun chun scoileanna áitiúla a nascadh agus chun sábháilteacht a fheabhsú do dhaltaí a thaistealaíonn de shiúl na gcos nó de rothar.

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Is ábhar bróid dom oscailt oifigiúil na páirce líní nua i nGoirt an Teampaill a chomóradh, rud atá ina gharsprioc thábhachtach i gceann de na tionscadail tithíochta is uaillmhianaí agus is claochlaithí sa tír. Léirítear sa pháirc seo na rudaí ba mhaith linn a bhaint amach i bhFine Gall, mar atá pobail a chothú agus tithe a thógáil. Tá sí deartha ar bhealach fiúntach cuspóireach chun tacú le stíleanna maireachtála gníomhacha, chun bithéagsúlacht a chur chun cinn, agus chun spás fáilteach a sholáthar do theaghlaigh agus do chónaitheoirí, beag beann ar a n-aois.

Mar chuid thábhachtach de Mháistirphlean Ghoirt an Teampaill, tá an pháirc líneach ina sampla soiléir den chaoi a bhfuilimid ag comhlíonadh ár ngealltanais go soláthrófar forbairt inchothaithe chuimsitheach ar mhórscála le hais bonneagar pobail riachtanach. Táimid ag tógáil todhchaí ina bhfreastalófar ar riachtanais ár ndaonra mhéadaithigh. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil lenár bhfoireann, lenár gcomhaltaí tofa, agus lenár bhfoirne deartha as a ndúthracht don tionscadal seo. Cinntíonn a gcuid oibre go bhfanann Contae Fhine Gall ina chontae atá beoga, dea-bhainistithe agus réamhbhreathnaitheach, a ghlacann le nuálaíocht, a leagann tábhacht ar phobal, agus a phleanálann go muiníneach don todhchaí.”

Churchfields Opening

Ag labhairt dó faoin bPáirc, dúirt Kevin Halpenny, Oifigeach Páirceanna agus Tírdhreacha Sinsearach Chomhairle Contae Fhine Gall:

“Tá Páirc Ghoirt an Teampaill nua-oscailte ina sampla den scoth de bhonneagar glas ilfheidhmeach mar a ngabhann raon leathan tairbhí leis an spás oscailte, amhail áineas gníomhach agus éighníomhach, conair shúgartha úrscothach agus spás do dhéagóirí mar aon le bainistíocht uisce dromchla agus draenála, naisc taistil ghníomhaigh agus feabhsuithe bithéagsúlachta.”

Tá Goirt an Teampaill ar cheann de na tionscadail tithíochta inacmhainne is mó in Éirinn, agus breis agus 500 teach nua á dtógáil faoi láthair, lena n-áirítear tithe sóisialta, tithe ar cíos de réir costais, agus tithe inacmhainne ar díol. Tá siad á soláthar trí chomhpháirtíocht idir Comhairle Contae Fhine Gall agus GEM Construction, le tacaíocht ó chistiú ón gClár Infheistíochta Tithíochta Sóisialta (SHIP) agus ón gCiste Tithíochta Inacmhainne (AHF). 

Churchfields Opening

Dúirt an tAire Jack Chambers: “Is é atá in oscailt oifigiúil na páirce líní nua i nGoirt an Teampaill ná céim shuntasach chun cinn sa chaoi a ndéanaimid pleanáil agus soláthar ar son pobal agus tá sí ina sampla inláimhsithe den chaoi ar féidir le hinfheistíocht phoiblí comharsanachtaí a chlaochlú agus cáilíocht na beatha a fheabhsú do phobail nua agus do phobail atá ann cheana.

Tá an pháirc seo ina cuid lárnach d’fhís níos leithne. Tá Baile Átha Cliath Thiar i measc na bpobal is óige agus is éagsúla in Éirinn, áit a soláthraítear bonneagar agus taitneamhachtaí i dteannta tithíocht nua chun cabhrú le pobail teacht faoi bhláth agus fás. Is pobail iad sin inar féidir le daoine ó gach cúlra agus ó gach traidisiún, na leanaí is óige san áireamh, teacht le chéile, agus déanaim comhghairdeas le gach duine a bhí páirteach sa tionscadal tábhachtach seo a chur i gcrích.”

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Ghoirt an Teampaill agus faoi scéimeanna tithíochta inacmhainne eile i bhFine Gall, tabhair cuairt ar an suíomh Gréasáin seo:

 https://www.fingal.ie/AffordableHousing

Church Fields Linear Park Opening Gem Team  July 2025