Glao Oscailte le haghaidh Dhámhachtain Stiúideo Theach Bád Loch Sionnaigh 2025
Tá áthas ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall iarratais a lorg le haghaidh Dhámhachtain Stiúideo Theach Bád Loch Sionnaigh. Is dámhachtain cónaitheachta stiúideo í sin atá oscailte d’amharc-ealaíontóirí gairmiúla atá ag obair in aon mheán. Leis an deis seo, tairgtear dámhachtain €20,000 agus stiúideo lánchistithe ar feadh tréimhse naoi mí dar tosach mí Mheán Fómhair 2025.

Tá áthas ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall iarratais a lorg le haghaidh Dhámhachtain Stiúideo Theach Bád Loch Sionnaigh. Is dámhachtain cónaitheachta stiúideo í sin atá oscailte d’amharc-ealaíontóirí gairmiúla atá ag obair in aon mheán. Leis an deis seo, tairgtear dámhachtain €20,000 agus stiúideo lánchistithe ar feadh tréimhse naoi mí dar tosach mí Mheán Fómhair 2025.
Tá teach bád Loch Sionnaigh suite i suíomh álainn Loch Sionnaigh, atá ina shráidbhaile cósta atá suite idir an Ros agus na Sceirí i gContae Bhaile Átha Cliath Thuaidh. Is é atá sa teach bád ná foirgneamh dhá fheidhm a fheidhmíonn mar stáisiún garda tarrthála idir mí an Mheithimh agus mí Lúnasa agus mar stiúideo d'ealaíontóirí idir mí Mheán Fómhair agus mí na Bealtaine. Is é cuspóir na dámhachtana seo ná spás a sholáthar d’ealaíontóir gairmiúil atá ag obair san amharc-ealaín ina bhféadfaidh sé/sí a c(h)leachtas ealaíne a fhorbairt mar fhreagairt do thimpeallacht chósta Loch Sionnaigh agus na gceantar máguaird, agus díriú á leagan ar an mbithéagsúlacht agus ar an athrú aeráide.
Tá ag Fine Gall bithéagsúlacht shaibhir a shíneann ar fud a cósta, a tuaithe agus a lárionad uirbeach agus a rannchuidíonn agus a rannchuideoidh le gnáthshaol laethúil agus slite beatha mhuintir Fhine Gall san am i láthair agus san am atá le teacht. Is acmhainn ríluachmhar í an éagsúlacht nádúrtha sin agus is é an dúshlán atá roimh Fhine Gall ná forbairt agus fás ar bhealach a ndéanfaidh ár dtimpeallacht a chaomhnú agus a fheabhsú don todhchaí.
Dúirt an Comhairleoir Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Tá gealladh faoin deis shuntasach seo mar dheis thar a bheith luachmhar don ealaíontóir roghnaithe, agus í ag soláthar suíomh spreagúil ina bhféadfar saothar nua a fhorbairt mar fhreagairt do bhithéagsúlacht chósta uathúil Fhine Gall.”
Ag labhairt di faoin dámhachtain, dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá ríméad orm Dámhachtain Stiúideo Theach Bád Loch Sionnaigh a fhógairt. Tá rún daingean ag Comhairle Contae Fhine Gall fás gairmiúil ealaíontóirí a chothú agus a chumasú agus aithníonn sí an ról ríthábhachtach a imríonn na healaíona in aird a tharraingt ar thábhacht ár dtimpeallachta nádúrtha.”
Dúirt Síle Stewart ÓShea, Leas-Oifigeach Ealaíon: “Tá áthas ar Oifig Ealaíon Fhine Gall an dámhachtain seo a thairiscint, rud lena dtugtar am agus spás fiúntach d’ealaíontóir chun saothar nua a fhorbairt, chun comhoibrithe a chothú le saineolaithe bithéagsúlachta agus chun naisc a thógáil leis an bpobal áitiúil.”
Is é an spriocdháta le haghaidh iarratais a chur isteach ná Déardaoin an 31 Iúil ag 4.00pm.
Chun mionsonraí iomlána a fháil faoin dámhachtain seo agus faoi conas iarratas a dhéanamh, féach: www.fingalarts.ie www.fingal.ie/arts
Íomhá: Teach Bád Loch Sionnaigh, Co. Bhaile Átha Cliath. Le caoinchead ó Rannóg Ailtirí Chomhairle Contae Fhine Gall.