Cuireadh an fhorbairt bheartaithe i bPlásóg an Dúin, Baile Bhlainséir, Co. Bhaile Átha Cliath, ar taispeáint inniu

 Fortlawn Blanchardstown model drawings

De réir Chuid XI den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú), agus de réir Chuid 8 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001 (arna leasú), tugann Comhairle Contae Fhine Gall fógra leis seo faoi na hoibreacha beartaithe atá le déanamh ar láithreán atá thart ar 0.72 heicteár in achar i bPlásóg an Dúin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15. 

Tá cineál agus fairsinge na forbartha beartaithe, mar aon leis na líníochtaí beartaithe, ar fáil lena n-iniúchadh ag https://consult.fingal.ie/en/browse agus lena n-iniúchadh nó lena gceannach ar tháille nach mó ná an costas réasúnach atá i gceist le cóip a dhéanamh ón Máirt an 8 Iúil 2025 go dtí an Chéadaoin an 6 Lúnasa 2025, agus an lá sin san áireamh, le linn gnáthuaireanta oscailte oifige (idir 9.00 am agus 5.00 pm ó Luan go Déardaoin agus idir 9.00 am go 1.30 pm ar an Aoine, gan laethanta saoire bainc agus laethanta saoire poiblí a áireamh) ag na suíomhanna seo a leanas:

• Comhairle Contae Fhine Gall, Halla an Chontae, An Phríomhshráid, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath, K67 X8Y2

• Comhairle Contae Fhine Gall, Oifigí na Cathrach, Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15, D15 W638

Aighneachtaí nó tuairimí maidir leis an bhforbairt bheartaithe lena bpléitear le pleanáil chuí agus forbairt inchothaithe an limistéir ina mbeadh an fhorbairt suite, féadfar iad a dhéanamh nó a thabhairt mar a leanas:

Ar líne: Trí thairseach comhairliúcháin na Comhairle ag http://consult.fingal.ie/en/browse 

I scríbhinn: Chuig An Stiúrthóir Tithíochta agus Forbartha Pobail, An Rannóg Tithíochta, Comhairle Contae Fhine Gall, Oifigí na Cathrach, Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15, D15 W638.

Féadfar aighneachtaí a dhéanamh nó tuairimí a thabhairt ón Máirt an 8 Iúil 2025 i leith agus ní mór iad a bheith faighte roimh 11.59 pm Déardaoin an 7 Lúnasa 2025.