Miongháirí, Solas na Gréine, agus Spraoi na Slaparnaí ag Campa Spóirt Uisce Fhine Gall

Rinne Comhairle Contae Fhine Gall, i gcomhpháirt le Active Connections agus le Club Luamhaireachta Bhinn Éadair, Campa Spóirt Uisce Fhine Gall do leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu a óstáil den dara huair riamh. 

Fingal Water Sport Camp Howth 2025

Rinne Comhairle Contae Fhine Gall, i gcomhpháirt le Active Connections agus le Club Luamhaireachta Bhinn Éadair, Campa Spóirt Uisce Fhine Gall do leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu a óstáil den dara huair riamh. 

Cuireadh an campa ar siúl faoi spéartha gorma geala agus faoin ngrian the agus chuir sé fáilte roimh rannpháirtithe óga a bhfuil cumais éagsúla acu ó gach cearn d’Fhine Gall chun páirt a ghlacadh i gcadhcáil, i gclárchéaslóireacht agus i gcanúáil i dtimpeallacht shábháilte thacúil. A bhuí le trealamh oiriúnaitheach, le teagascóirí oilte, le tacaíocht duine le duine agus le díriú ar an spraoi, bhí deis ag gach leanbh taitneamh a bhaint as spóirt uisce.

Fingal Water Sport Camp Howth 2025

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá ríméad orainn an campa spóirt uisce seo a thairiscint do leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu. Thug an campa ceithre lá seo deis d’fhiche leanbh triail a bhaint as spóirt uisce éagsúla ar a luas féin i dtimpeallacht ina bhfaigheann siad tacaíocht. Tá campaí mar seo ina léiriú ar thiomantas Fhine Gall don phlean corparáideach 2025 go 2029 maidir le Soláthar do Chách, ar cur chuige duinelárnach é inar cheart rochtain a bheith ag gach duine i bhFine Gall ar na seirbhísí, na tacaíochtaí agus na deiseanna a theastaíonn uathu chun rath a bhaint amach.”

Tar éis dó freastal ar an gcampa, dúirt Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Bhí ríméad orm bualadh le roinnt rannpháirtithe agus lena dtuismitheoirí. Bhí atmaisféar iontach ann, agus ba rud iontach é an oiread sin miongháirí a fheiceáil ar aghaidheanna.”

Mhol tuismitheoirí an cur chuige cuimsitheach a ghlac an campa, á lua gur tugadh spreagadh agus tacaíocht dá leanaí ar a fhud. Má theastaíonn tuilleadh faisnéise uait nó má bhíonn aon cheisteanna agat, déan teagmháil le foireann Spóirt Fhine Gall ag  .

Fingal Water Sport Camp Howth 2025