Fógra faoi fhaighteoirí dhámhachtain cónaitheachta Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall, Age & Opportunity agus Ionad Tyrone Guthrie 2025:

Tá áthas ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall, ag obair di i gcomhpháirt le Age & Opportunity agus le hIonad Tyrone Guthrie, fógra a thabhairt faoi bheirt fhaighteoirí na dámhachtana cónaitheachta don bhliain 2025.

Is iad dámhachtaithe na bliana seo ná Beata Piekarska Daly, arb amharc-ealaíontóir ilmheán í, agus Lorna Fitzsimons, ar scríbhneoir, grianghrafadóir agus stiúrthóir í. 

Leis an dámhachtain cónaitheachta seo, tugtar deis d’amharc-ealaíontóir gairmiúil agus do scríbhneoir gairmiúil atá 50 bliain d’aois nó níos sine taighde a dhéanamh nó saothar nua a fhorbairt. Tá sé mar aidhm ag na cónaitheachtaí seo ealaíontóirí níos sine ag aon chéim dá ngairm atá ag obair sa litríocht agus sna hamharc-ealaíona a cheiliúradh agus a chothú. Gheobhaidh faighteoirí dhá chónaitheacht dhá sheachtain ar leithligh (mí amháin san iomlán in aghaidh an ealaíontóra), lena n-áireofar stipinn bheag. Beidh an chónaitheacht ar siúl idir mí Iúil agus mí a Nollag 2025.

Dúirt Sarah O’Neil, Oifigeach Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall: ‘Tá áthas orainn a fhógairt gurb iad Beata agus Lorna faighteoirí dhámhachtain cónaitheachta Age & Opportunity agus Ionad Tyrone Guthrie do 2025. Leis an gcónaitheacht seo, tugtar deis d’Ealaíontóirí Fhine Gall nascadh le healaíontóirí náisiúnta agus idirnáisiúnta ar fud gach cineáil ealaíne. Tairgtear léi freisin am ar shiúl ón mbaile, spás chun obair, agus deiseanna comhoibrithe agus líonraithe, rud a éascaíonn forbairt a gcleachtais.’ 

Dúirt an Dr Tara Byrne, Bainisteoir Clár Ealaíon ag Age & Opportunity: ‘Tá oidhreacht ealaíne chomh láidir sin ag Fine Gall, agus creidimid go bhfuil sé ríthábhachtach tacú lena healaíontóirí comhaimseartha atá 50 bliain d’aois nó níos sine agus iad a chur chun cinn.’

Na cónaitheachtaí ag Ionad Tyrone Guthrie, atá suite i suíomh álainn suaimhneach Chontae Mhuineacháin, soláthrófar leo timpeallacht fhoirfe chun díriú ar thaighde nó ar shaothar nua a fhorbairt.

Maidir leis na healaíontóirí

Lorna Fitzsimons

Lorna Fitzsimons

Is grianghrafadóir, scríbhneoir agus stiúrthóir í Lorna Fitzsimons. Tá cáilíochtaí acadúla aici sa Ghrianghrafadóireacht, sa Scríbhneoireacht Scripte, agus sa Léiriú Príomhscannán Digiteach. Tá díriú amhairc ag a cuid scannán agus pléitear saincheisteanna sóisialta iontu. Tugadh tacaíocht dóibh ó Fhís Éireann, ó FilmOffaly, ó Engine Shorts, agus ó Ardán/RTÉ, agus taispeánadh iad ag féilte amhail Fleadh Scannán na Gaillimhe, Féile Scannán an Fheabhail, Aesthetica, Kortfilmfestival agus 16 Days/16 Films, Féile Camchuairte um Chearta an Duine. Bhí sí ina meantóir do Dhearbhla Walsh, stiúrthóir a bhuaigh Gradam Emmy, agus bhí ina stiúrthóir sa Factory Actors Studio.

I measc na scannán a bhfuil a hainm leo tá Poison Pen (Amazon Prime), scannán a chomhstiúir sí, agus Meeting on the Stairs, scannán neamhspleách a scríobh sí agus a stiúir sí. D’fhorbair sí a cuid scríbhneoireachta scripte trí Cine Qua Non Screenwriting Lab, Meicsiceo, trí Script Circle Berlin, agus trí Big Stories on the Small Screen de chuid Fhís Éireann, agus lean sí na stiúrthóirí ar Sherlock and Daughter agus ar Red Rock tríd an National Talent Academy. I measc an tsaothair a rinne sí le déanaí tá stiúradh a dhéanamh ar Whale, gearrscannán atá á fhorbairt faoi láthair le Fís Éireann, agus ar Remote Strutting, gearrscannán a díoladh le haghaidh dáileadh domhanda. Bhuaigh a script ghearr tar teideal Locked and Loaded an comórtas léitheoireachta scripte ag Féile Scannán Grinn Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath. Bhuaigh sí an gradam don Stiúrthóir is Fearr ag Gradaim Cineamatagrafadóirí na hEorpa 2024 agus cuireadh ar an ngearrliosta í don ghradam don Stiúrthóir is Fearr ag Gradaim Shark 2025 as a gearrscannán dar teideal #bog.

Lorna Fitzsimons image from short film titled #Bog

Beata Piekarska Daly

Beata Piekarska Daly

Is péintéir agus ealaíontóir ilmheán a bhfuil duaiseanna buaite aici í Beata Piekarska Daly. An t-ealaíontóir seo, a rugadh sa Pholainn agus atá lonnaithe in Éirinn, díríonn sí ar thriail a bhaint as péint agus as teanga na teibíochta a leathnú. Tá cur chuige líofa péintéiriúil forbartha aici a dhéanann aithris ar an mbealach smaointeoireachta, ar shreabhadh na mothúchán, ar smaointe agus ar an saol. Agus í ag iniúchadh na líofachta atá mar bhonn agus thaca ag an teannas dinimiciúil idir cineálacha orgánacha agus cruinneas teicneolaíoch, cruthaíonn Beata saothair ealaíne atá íogair don suíomh agus a thagann chun cinn trí fheidhmíocht, trí bhithdhealbha agus trí fhíseán. Tá Beata ina healaíontóir a gclúdaíonn a cleachtas na naisc idir cúrsaí sóisialta agus cúrsaí comhshaoil trí mhodhanna rannpháirtíocha.

Ar na seónna roimhe dá cuid tá: PainThING (2022) ag Caisleán Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath. Thug Comhairle Contae Fhine Gall tacaíocht don tionscadal aonair seo agus bhí sé bunaithe ar an tsiombóis leis an ailtireacht agus leis an timpeallacht dhaonna. OVER NATURE (2019-2021). Ba sheó grúpa é seo a chuaigh ar camchuairt ar fud na hÉireann: Léim an Mhadaidh, Ionad Cultúrtha Réigiúnach Leitir Ceanainn, Inis Díomáin, Corcaigh agus Baile Átha Cliath. Sa bhliain 2021, bhí sí ar dhuine de na hiarrthóirí sa bhabhta ceannais den chatagóir Físeáin den Duais Idirnáisiúnta um Chearta Ealaíne. Sa bhliain 2019, bhuaigh sí an Chéad Duais sa Chatagóir Péintéireachta agus bhuaigh sí an Mhórdhuais le linn Fhéile na Polainne-na hÉireann, Guaire, Éire. 

Rugadh Beata sa tSiléis, an Pholainn, agus tógadh í i gcomharghrúpa feirmeoireachta a bhí faoi úinéireacht an stáit. Tá sí ina céimí coláiste den chéad ghlúin le Céim san Oideachas Ealaíne ó Ollscoil Zielona Gora. Tá Céim i Stair na hEalaíne ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, aici freisin.

Beata Piekarska Daly Rainbow Petal print

Maidir le Age & Opportunity

Is é Age & Opportunity an eagraíocht náisiúnta a chuireann deiseanna éagsúla ar fáil do dhaoine breacaosta ar mian leo a bheith níos rannpháirtí sna healaíona agus sa chultúr, sa spórt agus sa ghníomhaíocht fhisiciúil, sa chomhpháirteachas poiblí agus san fhorbairt phearsanta.

Go sonrach, tá sé mar aidhm ag an gclár Ealaíon tacú le healaíontóirí, le rannpháirtithe sna healaíona/le lucht féachana ealaíon agus le heagraíochtaí ealaíon agus acmhainní a sholáthar dóibh. Déantar é sin tríd an bhFéile bhliantúil ‘Bealtaine’, arb í féile náisiúnta na hÉireann í a mhaireann mí amháin (mí na Bealtaine) agus a cheiliúrann na healaíona agus an chruthaitheacht de réir mar a théimid in aois, agus tríd an gClár Acmhainní agus Forbartha.


Maidir le hIonad Tyrone Guthrie

Tá Ionad Tyrone Guthrie lonnaithe faoin tuath i gContae Mhuineacháin. Is eagraíocht trasteorann í a thairgeann am ar shiúl ón mbaile, spás chun obair, agus deiseanna comhoibrithe agus líonraithe d’ealaíontóirí agus do dhaoine dá leithéid, rud a éascaíonn forbairt a gcleachtais ar fud na bhfoirmeacha ealaíne uile. Tá Teach Eanach Mhic Dheirg, ar a dtugtar an ‘Teach Mór’ freisin, suite i gceantar ciúin tuaithe Chontae Mhuineacháin. I dteannta na dteachíní féinfhreastail, na stiúideonna agus na spásanna taibhithe, chomh maith leis an loch agus na foraoisí, na gairdíní agus na goirt, tá Ionad Tyrone Guthrie ina áit ina dtagann rath agus bláth ar an gcruthaitheacht i measc na mbrúnna iomadúla agus na gcúiseanna iomadúla le cur isteach a bhaineann leis an saol comhaimseartha.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
www.fingalarts.ie 
www.fingal.ie/arts
www.bealtaine.ie