Vótálann comhairleoirí ar son laghdú cúig faoin gcéad ar an gCáin Mhaoine Áitiúil

Vótáil comhairleoirí ar son laghdú cúig faoin gcéad ar Cháin Mhaoine Áitiúil an chontae don bhliain 2026 ag cruinniú míosúil Chomhairle Contae Fhine Gall aréir. Laghdaíodh an Cháin Mhaoine Áitiúil faoi 7.5% le trí bliana anuas. A bhuí leis an gcinneadh sin, mar sin, beidh €1.25m breise i gcaiteachas lánroghnach ag an gComhairle.

Gach bliain, tá sé de chumhacht ag comhairleoirí an Cháin Mhaoine Áitiúil a athrú faoi 15% os cionn nó faoi bhun an bhunráta.

Seo í an naoú bliain as a chéile, ón mbliain 2017 i leith, a vótáil Comhairleoirí gan an laghdú iomlán 15% a chur i bhfeidhm, agus cuirfidh an Chomhairle an €5m a ghinfear leis an gcinneadh sin i leataobh le haghaidh caiteachas ar raon seirbhísí i réimsí amhail tithíocht, páirceanna, spásanna oscailte, oibríochtaí, pobal agus leabharlanna.

Ritheadh an laghdú 5% le 17 vóta ina fhabhar agus 16 vóta ina aghaidh tar éis do chomhairleoirí plé a dhéanamh ar rúin a raibh sé i gceist leo gan an ráta a laghdú ar chor ar bith nó an ráta a laghdú faoi chéatadán atá chomh mór le 15 faoin gcéad.

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Is é an cuspóir foriomlán atá againn do bhuiséad 2026 na Comhairle ná seirbhísí ardchaighdeáin a choinneáil ar bun chun freastal ar luas tapa an fháis sa Chontae agus chun leanúint de chabhrú le cistiú a chur ar fáil ar son sholáthar na hinfheistíochta caipitil is gá sa Chontae. Tá fearadh na fáilte roimh an gcinneadh ó na comhairleoirí an laghdú ón mbonnlíne a laghdú faoi dhó faoin gcéad go leith go cúig faoin gcéad, agus cabhróidh sé go mór linn teacht ar ais chuig an gComhairle amach sa bhliain le togra buiséid a chomhlíonann ár bpríomhchuspóir.”

Faoin Acht Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil) (Leasú), 2025, déanfar athluacháil ar an maoin chónaithe ar fad amach sa bhliain, agus leathnófar bandaí luachála faoi 20%. Measann Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, a bhailíonn an Cháin Mhaoine Áitiúil, go bhfanfaidh 96% de mhaoine ar fud na hÉireann laistigh den bhanda ina bhfuil siad faoi láthair tar éis na n-athruithe.

Fágfaidh an t-athrú ar laghdú na Cánach Maoine Áitiúla ó -7.5% go -5% go bhfeicfidh sealbhóirí tí i bhFine Gall méadú ar a gCáin Mhaoine Áitiúil, agus an méadú sin sa raon idir cúig cent in aghaidh na seachtaine dóibh siúd atá sa bhanda is ísle agus 34 cent in aghaidh na seachtaine dóibh siúd a bhfuil luach a dtithe idir €735,000 agus €840,000. Is é Banda C (€315,000 go €420,000) an banda luachála is coitianta i bhFine Gall, agus 25% de thithe sa bhanda sin. Feicfidh siad méadú 16 cent in aghaidh na seachtaine tar éis an athraithe ar athrúchán na Cánach Maoine Áitiúla. 

Tá Foireann Bainistíochta na Comhairle ag obair faoi láthair leis an nGrúpa Beartais Chorparáidigh agus leis na páirtithe polaitiúla éagsúla chun teacht ar chomhaontú faoin bPlean Caipitil 2026-2028 agus faoi Bhuiséad 2026, a chuirfear faoi bhráid na Comhairle i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna faoi seach lena gceadú.

Tá an plé ar an gCáin Mhaoine Áitiúil ag cruinniú míosúil mhí Iúil ar fáil anois le hamharc air ar shuíomh Gréasáin Chomhairle Contae Fhine Gall.