Other

22 Feb 2020
Music

Aoife Scott ag Ionad Ealaíon Séamus Ennis

I ndiaidh di a céad albam ‘Carry The Day’ a sheoladh ag Tradfest Theampall an Bharra in 2016, albam a bhí ar fheabhas agus a moladh go hard na spéire, eisíonn Aoife Scott a dara halbam ‘Homebird’,a rabhthas ag tnúth go mór leis, i Mí Eanáir 2020.

20 Feb 2020
comedy

Des Bishop - Mia Mamma

Is minic a chuirtear an cheist orm “cá bhfaigheann tú d’abhar?” Is í fírinne an scéil i ndáiríre go ndéanaim iarracht an greann a fheiceáil i ngach rud. Fuair mo mháthair bás i Márta 2019 agus ar ndóigh bhí sé brónach agus is crua an rud é an brón in amanna ach chonaic mé cuid mhór grinn ansin freisin. Ó tharla go bhfaigheann muid go léir bás agus go mbeidh brón ar an chuid is mó againn, shíl mé go gcaithfidh sé go bhfuil daoine ann ar mhaith leo go roinnfí an greann sin. Lena chois sin rinne mé seó faoi m’athair a bheith tinn siar in 2010 agus ní thiocfadh liom aghaidh a thabhairt ar mo mháthair sa saol atá le teacht mar tá a fhios agam gurbh í an chéad cheist a chuirfeadh sí orm ná “Fuair Athair seó, cad chuige nach bhfuair mé féin ceann?”

13 Feb 2020
Film

Le Brio ar an scáileán ag Ionad Ealaíon Séamus Ennis

Bí linn le haghaidh oíche de scannánaíocht na Fraince agus de bhia* na Fraince nuair a bheidh an Cottage Café ag cur béilí éagsúla den scoth ar fáil mar aon le fíonta roimh an gheandrámaíocht iontach, ‘Le Brio’.

08 Feb 2020
Music

The Frank and Walters - Acoustic Duo

Tá The Frank and Walters ar an bhóthar arís le haghaidh sraith de ghigeanna ardmheanmain acústacha.

Agus na céadta amhrán eisithe acu a scríobh siad le tríocha bliain anuas, beidh an banna ag seinm na n-amhrán go léir is ansa leat agus dornán de shár-amhráin atá ligthe i ndearmad le fada.

01 Feb 2020
Music

NoCrows ag Ionad Ealaíon Séamus Ennis

**Mar gheall ar an ráchairt as cuimse, tá an 2ú dáta curtha ar fáil againn ar an Aoine 31 Eanáir! Cuir ticéad in áirithe roimh ré chun nach mbeidh díoma ort, le do thoil**

30 Jan 2020
Music

Reeling in the Showband Years

Téigh siar san am go dtí an ré dhraíochtach seo, ré phopcheoil nach mbeidh a leithéid ann arís in Éirinn! Canfaidh an t-óstach Ronan Collins amhráin in ómós do Joe Dolan, Dickie Rock, amhráin mór Eoraifíse agus a thuilleadh nach iad. Beidh Linda Martin - réalta mhór i ngnó na siamsaíochta - in éineacht le Ronan. Bhuaigh Linda Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse i 1992 leis an amhrán 'Why Me' agus chuir sí go leor seónna i láthair ar RTÉ.