Tá Fiontraithe ar Scoláirí iad i bhFine Gall ag Ullmhú leis an mBabhta Ceannais i bPáirc an Chrócaigh tar éis Sheoladh an Chláir Fiontair do Scoláirí

Tá scoláirí meánscoile ar fud Fhine Gall dóchasach go nglacfaidh siad páirt sa Bhabhta Ceannais i bPáirc an Chrócaigh i 2020 tar éis an Clár Fiontair do Scoláirí (CFS) 2019/2020 de chuid Oifigí Fiontair Áitiúla (OFÁanna) a sheoladh.

national  launch of the SEP 2019/2020

Tá scoláirí meánscoile ar fud Fhine Gall dóchasach go nglacfaidh siad páirt sa Bhabhta Ceannais i bPáirc an Chrócaigh i 2020 tar éis an Clár Fiontair do Scoláirí (CFS) 2019/2020 de chuid Oifigí Fiontair Áitiúla (OFÁanna) a sheoladh.

Sheol Pat Breen, TD, An tAire Trádála, Fostaíochta, Gnó, Margadh Aonair Digiteach AE agus Cosanta Sonraí agus an laoch rugbaí Josh Van der Flier an clár, arb é an clár is mó gnó agus fiontair do scoláirí meánscoile in Éirinn é. Is é Van der Flier an tAmbasadóir CFS don bhliain 2019/2020 agus ghlac sé páirt sa chlár nuair a bhí sé ina scoláire i gColáiste Wesley i mBaile Átha Cliath. 

Tá an Clár Fiontair do Scoláirí is mó in Éirinn le haimsiú i bhFine Gall. Tá os cionn 2,500 scoláire ó 25 meánscoil ag glacadh páirte i gclár na bliana seo sa tsúil go mbainfidh siad an Babhta Ceannais Náisiúnta amach, a bheidh ar siúl i bPáirc an Chrócaigh ar an 1 Bealtaine. Mar chuid den tionscnamh oideachais fiontair, arna maoiniú ag Rialtas na hÉireann trí Fhiontraíocht Éireann agus arna sholáthar ag na 31 Oifig Fiontair Áitiúil in údaráis áitiúla ar fud na tíre, ghlac os cionn 25,000 scoláire ó 515 meánscoil ó cheann ceann na tíre páirt sa bhliain 2018/2019. 

D'éirigh go han-mhaith le fiontraithe ar scoláirí iad i bhFine Gall an bhliain seo caite. Fuair an Scoil Oideachas le Chéile Mhullach Íde-Phort Mearnóg an chéad duais sa chatagóir Shóisearach ag an mbabhta ceannais i bPáirc an Chrócaigh. Ní raibh doras na scoile nua seo ach tar éis oscailt san Ionad Riasc i Meán Fómhair seo caite ach fuair an scoil an chéad áit sna duaiseanna náisiúnta, rud a dheimhnigh go bhfuil fiontraithe óga Fhine Gall ar bharr an ranga!

Mar chuid de chlár na bliana seo, beidh dhá chomórtas phíolótacha ar siúl trasna na gcatagóirí Sóisearacha, Idirmheánacha agus Sinsearacha. Beidh an chéad chomórtas píolótach, "Mo Thuras Fiontair" nó "My Entrepreneurial Journey", ar siúl sa timthriall Sóisearach agus an timthriall Idirmheánach agus is féidir le haon scoláire atá ag glacadh páirte sa chomórtas ginearálta páirt a ghlacadh sa chomórtas píolótach. Mar chuid den chomórtas, ní mór dóibh cur síos a dhéanamh ar shaol fiontraí rathúil agus cad atá ag teastáil le linn an tsaoil sin.

Sa chatagóir Shinsearach, tá rannóg nua sa chomórtas, "An Smaoineamh Gnó Is Cruthaithí". Faoin téama "Bí Glas: Bí Inbhuanaithe", is féidir le daoine a smaointe is nuálaí a chur chun cinn gan a bheith orthu táirge nó seirbhís a chruthú agus is féidir le gach scoláire sinsearach a ghlacann páirt sa chomórtas ginearálta páirt a ghlacadh.

Agus é ag labhairt ag an seoladh do roinnt de na scoláirí a bheidh páirteach i gclár na bliana seo, leag an tAire Breen béim ar an tábhacht a bhaineann le páirt a ghlacadh i bhfiontar agus úsáid a bhaint as chun dul i mbun nuálaíochta agus réitigh a chruthú don lá atá inniu ann. "Tá tuiscint scoláirí an lae inniu ar an ról a d'fhéadfadh a bheith acu ar an status quo a athrú ag dul i méid. Má spreagtar iad chun scileanna fiontair agus nuálaíochta a fhorbairt, beidh siad ábalta rudaí a athrú, deiseanna nua a chruthú agus cur le roinnt den iliomad fadhbanna atá roimh an tsochaí inniu agus amach anseo a réiteach. Go dtí seo, tá an misneach sin an-soiléir sa Chlár Fiontair do Scoláirí. Gach bliain, feicimid daoine cliste cruthaitheacha ag tabhairt smaointeoireacht úr isteach i ngach réimse den ghnó, cibé acu an dearadh nuálach, bogearraí nua nó aipeanna réabhlóideacha é sin, nó fadhb laethúil i réimse áirithe den saol a réiteach.

"Is iad na scoláirí seo fiontraithe na todhchaí. Is iadsan a chruthóidh poist dúinn, is iadsan dá bhfuilimid ag iarraidh tacaíocht agus cúnamh a thabhairt fad atá siad ag tabhairt faoina dturais fiontair. Ba mhaith linn na smaointe sin a chothú mar is iad na scoláirí sin a n-éireoidh go maith leo i ndomhan an ghnó amach anseo. Is mian liom gach rath a ghuí ar na scoláirí ar fad a ghlacann páirt i gclár na bliana seo. Tá a fhios agam go mbainfidh siad an-tairbhe as," a dúirt an tAire Breen.

Dúirt Méara Fhine Gall, An Comhairleoir Eoghan O'Brien: "Tá an-chumas i scoláirí Fhine Gall bheith ina bhfiontraithe rathúla agus cur leis an réigiún. Sin é bun agus barr an Chláir Fiontair do Scoláirí. Tá Comhairle Contae Fhine Gall, tríd an Oifig Fiontair Áitiúil, ag cothú cultúr láidir fiontair sa chontae agus cruthófar poist áitiúla dá bharr.

Dúirt Oisín Geoghegan, Cathaoirleach Líonra na 31 Oifig Fiontair Áitiúil agus An Ceann Fiontair i bhFine Gall: "Is é aidhm an Chláir Fiontair do Scoláirí ábhairín fiontraíochta a chothú i ngach scoláire a ghlacann páirt. Oibríonn na hOifigí Fiontair Áitiúla go dlúth le scoileanna chun tacú le smaointe a spreagadh agus buneolas a thabhairt dóibh maidir le cad a chabhróidh leo rudaí a dhíol. Tá na scileanna seo thar a bheith luachmhar. Ní hamháin gur mór an spreagadh é na smaointe iontacha - a dtagann gnó as cuid mhaith díobh - a fheiceáil gach bliain do scoláirí eile, ach is mór an spreagadh iad d'aon duine a bhfuil páirt acu i ngnó agus fiontar."

Ó cuireadh tús leis an gClár i 2003, ghlac os cionn 200,000 scoláire páirt. D'fhoghlaim siad scileanna tábhachtacha maidir le conas smaoineamh gnó a chruthú, tús a chur le gnó agus gnó a fhás. Tá suíomh gréasáin nua ag an gClár Fiontair do Scoláirí don bhliain 2019/2020 ag www.StudentEnterprise.ie. Beidh blaganna rialta ann agus réimse iomlán acmhainní a bhaineann le Fiontar Scoláirí do scoláirí agus múinteoirí.