Other

16 Feb 2020
Film

Patrick Feeney - Country and Gospel

Is de bhunadh an Ghoirtín i gCo. Shligigh é Patrick Feeney, duine de na hamhránaithe agus na taibheoirí is mó measa in Éirinn agus i rith na camchuairte ‘Country and Gospel’ beidh go leor dá amhráin is cáiliúla le cloisteáil cosúil le ‘I Believe’, ‘Someone to love me’ agus an t-amhrán mór-ráchairte is déanaí uaidh ‘Jerusalem’, ar sheas na sluaite chun bualadh bos a thabhairt dó gach oíche le linn dó a bheith i mbun chamchuairt The 3 Amigos lena chairde Jimmy Buckley agus Robert Mizzell.

15 Feb 2020
Music

Mary Coughlan in Concert

Níl aon amhras ach gurb í Mary Coughlan duine de na banamhránaithe snagcheoil agus gormacha is fearr in Éirinn, ceoltóir a bhfuil clú agus cáil orthu ar fud an domhain mhóir, agus a bhfuil leantóirí dílseacha aici ar fud an domhain mhóir.

12 Feb 2020
Film

Screening of The Farewell (2019) at Draíocht

Nuair a ritheann sé le teaghlach Síneach nach bhfuil mórán ama fágtha ag a Mamó ar an domhan seo, cinneann siad gan dada a rá léi agus bainis a ullmhú ar an toirt chun gach duine a bhailiú le chéile, sular gcaillfear í.

08 Feb 2020
Music

Sharon Shannon - Celebrating 30 Years

Tá an ceol ar barr méar Sharon Shannon ... go litriúil! Tá clú agus cáil ar an mboscadóir ceoil Éireannach seo ar fud an domhain agus chabhraigh a cumas ceoil lena chinntiú go bhfuil an bosca ceoil, uirlis a bhfuil cáineadh déanta uirthi go minic, 'faiseanta' arís ina tír dhúchais.

05 Feb 2020
Music

A Viennese Strauss Gala at Draíocht

Anois sa 15ú bliain, agus ar ais ar an stáitse de bharr éileamh an phobail, le léiriú iontach nua cuimhneacháin, seo chugainn A Viennese Strauss Gala.

29 Feb 2020
Music

K.G.B - Paddy Keenan, Frankie Gavin & Dermot Byrne

Tá aithne forleathan ar an triúr seo i dtaca le ceol na hÉireann de mar cheoltóirí aonair agus mar bhaill de chuid de na mbannaí ceoil is clúití sa tír araon ó chomh fada siar leis na 1970idí  go dtí an lá atá inniu ann. Tá a lán gradam buaite acu go léir agus tá ról fíorthábhachtach imeartha acu i gceol traidisiúnta na hÉireann.

27 Feb 2020
Film

In the Aisles ar an scáileán (In Den Gangen) ag Ionad Ealaíon Séamus Ennis

Curtha i láthair i gcomhar le Goethe-Institut Irland.

Is fostaí nua ciúin agus airdeallach é Christian (Franz Rogowski) a chuirtear ag obair i roinn na “nDeochanna” i hipearmhargadh in Oirthear na Gearmáine, áit a bhfoghlaimíonn sé a cheird ón seanóir téagartha borb, Bruno (Peter Kurth). Agus é ag breathnú trí na seilfeanna, cuireann sé dúil i Mario (Sanda Hüller), a oibríonn i roinn na sólaistí.

22 Feb 2020
Music

Aoife Scott ag Ionad Ealaíon Séamus Ennis

I ndiaidh di a céad albam ‘Carry The Day’ a sheoladh ag Tradfest Theampall an Bharra in 2016, albam a bhí ar fheabhas agus a moladh go hard na spéire, eisíonn Aoife Scott a dara halbam ‘Homebird’,a rabhthas ag tnúth go mór leis, i Mí Eanáir 2020.