Sharon Shannon - Celebrating 30 Years

Leis an Aoi Speisialta Alan Connor

DÉ SATHAIRN AN 8 FEABHRA 2020 8PM An Príomh-Halla // €23 / €20 lacáiste

Tá an ceol ar barr méar Sharon Shannon ... go litriúil! Tá clú agus cáil ar an mboscadóir ceoil Éireannach seo ar fud an domhain agus chabhraigh a cumas ceoil lena chinntiú go bhfuil an bosca ceoil, uirlis a bhfuil cáineadh déanta uirthi go minic, 'faiseanta' arís ina tír dhúchais. Tá cáil uirthi i ngeall ar a comhshaothar, ní hamháin i gceol traidisiúnta na hÉireann, ach i ngach seánra ceoil, Hip-Hap, Cajun, Ceol Tíre, Ceol Clasaiceach agus Rapcheol. Tá ceol taifeadta agus seinnte aici le ceoltóirí cáiliúla Éireannacha agus domhanda, lena n-áirítear Bono, Adam Clayton, Sinead O’Connor, Jackson Browne, John Prine, Steve Earle, Ceolfhoireann RTÉ, The Chieftains, The Waterboys, Willie Nelson, Nigel Kennedy, Alison Krauss agus Shane MacGowan - liosta ar fianaise é ar ildánacht agus cumas Sharon. Bronnadh stádas platanaim ar a halbam Galway Girl 4 huaire in Éirinn agus bronnadh gradam Meteor ar an teidealrian dhá bhliain as a chéile mar gurb é sin an t-amhrán is mó a íoslódáladh.