A Viennese Strauss Gala at Draíocht

World on Stage - Léiritheoirí Mozart by Candlelight agus Baroque by Candlelight

DÉ CÉADAOIN AN 5 FEABHRA 2020 8PM An Príomh-Halla // €20 / €18 lacáiste

Anois sa 15ú bliain, agus ar ais ar an stáitse de bharr éileamh an phobail, le léiriú iontach nua cuimhneacháin, seo chugainn A Viennese Strauss Gala. Tá rómánsúlacht shéasúr na Féile Víní á hathchruthú, chun an ré atá caite atá thabhairt chun cuimhne, ré na soiree galánta agus válsaí Strauss. I rith an tSeó beidh cuid de mhór-Operetta chlann Strauss, Kalman agus Lehar le cloisteáil; lena n-áirítear Die Fledermaus, The Merry Widow agus neart eile.
Beidh Ensemble Ceolfhoirneach na hEorpa i dteannta le ceathrar Aonréadaithe ó mhórchuideachtaí Ceoldrámaíochta; lena n-áirítear Opera North, English National Opera agus D’Oyly Carte.
Tá an léiriú iontach seo á chur ar an stáitse agus á chóiréagrafiú go cliste, agus tá éide bharantúil á caitheamh, rud a mheallfaidh an rómánsaí agus an aficionado ceoil araon. Tá an-tóir ar an seó seo ar fud na tíre. 'Éide ghalánta, guthanna binne agus scoth na n-aisteoirí'.