Screening of Stars by the Pound / 100 kilos d’étoiles (2019) at Draíocht

Draíocht i gComhar le hInstitiúid Scannán na hÉireann

DÉ CÉADAOIN AN 12 FEABHRA 2020 10.30AM An Príomh-Halla // €5 do Mhic Léinn / Beirt Mhúinteoirí Saor in Aisce le Rang de 20+

An séasúr seo oibreoidh Draíocht i gcomhar le Clár Oideachais Institiúid Scannán na hÉireann chun an scannán 'Stars by the Pound / 100 kilos d'étoiles' a chur ar an scáileán do Mhic Léinn Meánscoile na Sraithe Sóisearaí, i bhFraincis (le fotheidil i mBéarla). Aois mholta: 12+

Tá brionglóid amháin ag Lois, 16: tá sí ag iarraidh a bheith ina spásaire. Ainneoin gur breá léi gach a bhaineann leis an bhfisic, tá fadhb mhór aici: tá sí os cionn 200 punt meáchain – saintréith teaghlaigh nach bhfuil aon éalú uaithi. Nuair a dúirt a múinteoir eolaíochta le Lois nach n-éireoidh léi a bheith ina spásaire riamh mar go bhfuil sí róthrom, tosaíonn a corpíomhá ag déanamh imní di agus i ndeireadh na dála bíonn orthu seal a chaitheamh san ospidéal. Ansin, nuair nach bhfuil cuma rómhaith ar chúrsaí, casann Amélie, Stannah, agus Justine ar Lois: triúr déagóirí atá trína chéile díreach cosúil léi féin mar gheall ar chúrsaí an tsaoil; ach fós féin, tá siad lánsásta gach rud a fhágáil ina ndiaidh agus aghaidh a thabhairt ar an gcianspás i dteannta le Lois…I dteannta a chéile, tugann siad misneach dá chéile agus tugann siad faoi thuras bóthair agus cuireann siad isteach ar chomórtas eolaíochta arb é an duais atá luaite leis an gcomórtas eitilt domhantarraingt nialais. Scéal deas faoi chairdeas agus féinmhuinín, a bhogfaidh do chroí.

MÚINTEOIRÍ: Cláraigh dár Ríomhirisí do mhúinteoirí ANSEO le bheith cinnte go bhfaigheann tú an nuacht agus na tairiscintí is déanaí.

An Fhrainc  •  2019 •  85 nóiméad  •  Coiméide
Léiritheoir: Marie-Sophie Chambon
Arna léiriú ag Koro Films

Scannáin do Mhic Léinn na Sraithe Sinsearaí 2020
Más spéis leat scannán a thaispeáint do mhic léinn ó do scoil féin, déan teagmháil linn chun é phlé. Beimid in ann scannán a thaispeáint bunaithe ar infhaighteacht an scannáin agus an halla, agus íosmhéid de 100 mac léinn a bheith i láthair. Más spéis leat tuilleadh sonraí, glaoigh ar Sarah ag 01-809 8029 nó seol ríomhphost chuig  [email protected]