K.G.B - Paddy Keenan, Frankie Gavin & Dermot Byrne

Tá aithne forleathan ar an triúr seo i dtaca le ceol na hÉireann de mar cheoltóirí aonair agus mar bhaill de chuid de na mbannaí ceoil is clúití sa tír araon ó chomh fada siar leis na 1970idí  go dtí an lá atá inniu ann. Tá a lán gradam buaite acu go léir agus tá ról fíorthábhachtach imeartha acu i gceol traidisiúnta na hÉireann.

Tá Paddy Keenan ar na píobairí is fearr in Éirinn, agus clú nach beag air as bheith ar dhuine de bhunaitheoirí an Bothy Band a bhí ar cheann de na bannaí ba mhó tionchar sna 70idí. Sheinn sé leo ag láithreacha ar fud an domhain. Is seinnteoir oilte é Paddy freisin ar an fheadóg íseal agus ar an bhainseó. Rinneadh comóradh ar ról Paddy i gceol traidisiúnta na hÉireann in 2002 nuair a fuair sé gradam Ceoltóir na Bliana i nGradam Ceoil TG4 a bhronntar ar laochra ceoil na haoise seo, agus in 2011 fuair sé Gradam Saoil ón Irish Music Association.

Tá Frankie Gavin ar na seinnteoirí fidle is fearr in Éirinn riamh. Luaitear a ainm láithreach bonn le De Dannan a tháinig le chéile sna 1970idí freisin agus a bhí ról ceannródaíoch acu maidir le ceol traidisiúnta na hÉireann mar gheall ar na roghanna nuálacha a rinne siad faoi ábhar agus faoi chóiriú agus a stíl sheinnte a bhí uathúil. Sheinn Frankie gach cineál ceoil agus thaifead sé le ceoltóirí éagsúla ó na Rolling Stones go Stephane Grapelli. Tá sé de chlú air gur sheinn sé os comhair ceathrar uachtarán de SAM. Chomh maith le bheith ina sheinnteoir fidle ar chaighdeán domhanda, is seinnteoir oilte é Frankie ar an fheadóg stáin agus ar an fhliúit cheolchoirme.

 

Tá Dermot Byrne ar na seinnteoirí bosca ceoil traidisiúnta is fearr in Éirinn. Bhí Dermot ina bhall d’Altan ar feadh na mblianta agus é ag seinm, ag taifead agus ag dul ar camchuairt go mion minic leis an ghrúpa in éineacht le ceoltóirí mar Donal Lunny, Steve Cooney agus Stephane Grapelli. Thug siad áilleacht agus pléisiúr cheol tradisiúnta na hÉireann chuig lucht éisteachta fud fad an domhain. Chomhoibrigh sé le ceoltóirí eile agus sheinn sé roimhe seo i gcomhar le Frankie Gavin, Sharon Shannon agus The Stunning agus le go leor eile ceoltóirí Éireannacha agus ceoltóirí idirnáisiúnta. Mar gheall ar a ról maidir le ceol na hÉireann roghnaíodh Dermot mar Cheoltóir Traidisiúnta na Bliana TG4 2013      

 

Tá na ticéid teoranta. Cuir ticéid in áirithe gan mhoill le anch mbeidh díomá ort.

Doirse Oscailte: 8:00pm

Ag Tosú: 8:30

Cead isteach:

Roimh ré: €20 / €16

Ag an doras:€22 / €18