Lords of Strut - Absolute Legends

DÉARDAOIN AN 20 FEABHRA 2020 7PM An Príomh-Halla // €7 daoine fásta / €5 leanaí / Fad: 60 nóiméad / Aois 6+

Ba é an phríomhaidhm a bhí ag Sean agus Seamus riamh a bheith cáiliúil. Chun é seo a dhéanamh, ní mór dóibh an mhír fhoirfe damhsa a chruthú; agus teastaíonn do chabhair uathu. I rith na heachtra fantaisíochta damhsa seo, bíonn na deartháireacha ag gluaiseacht go gleoite ó áit go háit, tarraingíonn siad beagán trioblóide orthu féin, bíonn racht feirge nó dhó le cloisteáil, bíonn sé ina ruaille buaille ceart, agus faigheann siad amach an bhfuil siad ag iarraidh a bheith cáiliúil i ndáiríre. I rith an tseó seo tá idir chleasghleacaíocht mhearbhlach, choiméide spraíúil agus chroí mór maith, agus éiríonn le Seaimpíní Domhanda an Taibhithe Sráide, laochra neamhghnácha RIOT agus Britain’s Got Talent, Lords of Strut, a seó teaghlaigh is áiféisí agus is áille fós a chur ar an stáitse. Fíorghreannmhar, iontach agus aisteach, is sárlaochra iad!