Patrick Feeney - Country and Gospel

DÉ DOMHNAIGH AN 16 FEABHRA 2020 8PM An Príomh-Halla // €25

Is de bhunadh an Ghoirtín i gCo. Shligigh é Patrick Feeney, duine de na hamhránaithe agus na taibheoirí is mó measa in Éirinn agus i rith na camchuairte ‘Country and Gospel’ beidh go leor dá amhráin is cáiliúla le cloisteáil cosúil le ‘I Believe’, ‘Someone to love me’ agus an t-amhrán mór-ráchairte is déanaí uaidh ‘Jerusalem’, ar sheas na sluaite chun bualadh bos a thabhairt dó gach oíche le linn dó a bheith i mbun chamchuairt The 3 Amigos lena chairde Jimmy Buckley agus Robert Mizzell.

D’fhonn teacht leis an gcamchuairt, le déanaí d’eisigh Patrick albam nua Country and Gospel a thuill ardmholadh ar fud na hÉireann agus níos faide ó bhaile. Tá Patrick ag tnúth go mór lena chamchuairt féin agus is deis iontach é dá lucht leanúna bailiúchán dá chuid amhrán is mó cáil a chloisteáil mar aon le hábhar roghnaithe don tionscadal iontach seo. I dteannta le Patrick ar a chamchuairt beidh a bhanna sárcheoltóirí féin agus roinnt de na ceoltóirí seisiúin is fearr in Éirinn. Tá córas fuaime agus soilsithe nua-aimseartha in úsáid freisin, rud a bheidh mar bhonn lena chinntiú go mbeidh fonn ort freastal ar an seó seo!