Mary Coughlan in Concert

Mary Coughlan & a Banna Ceoil

DÉ SATHAIRN AN 15 FEABHRA 2020 8PM An Príomh-Halla // €25

Níl aon amhras ach gurb í Mary Coughlan duine de na banamhránaithe snagcheoil agus gormacha is fearr in Éirinn, ceoltóir a bhfuil clú agus cáil orthu ar fud an domhain mhóir, agus a bhfuil leantóirí dílseacha aici ar fud an domhain mhóir. 'Billie Holiday na hÉireann’ a thugtar uirthi agus d’éirigh léi an lámh in uachtar a fháil ar thráma le linn a hóige, alcólachas agus andúil i ndrugaí, chun a bheith ina hamhránaí eisceachtúil. 'Is fianaise é scéal Mary gurb iad na hamhránaithe is fearr na hamhránaithe nach mbíonn saol réidh acu' (The Guardian). Tharraing a céad albam ceannródaíoch, 'Tired and Emotional', a eisíodh in 1985 clú agus cáil uirthi, agus i ndiaidh 15 albam eile a eisiúint, níl a cumas nasc a chruthú leis an amhrán agus lena lucht éisteachta imithe i ndísc, fianaise ar a misneach agus ar chumhacht an athraithe agus an tslánaithe.

Níl a sárú le fáil, agus éiríonn le guth iontach slóchtach Mary gach unsa mothúcháin a tharraingt as an gceol.  Níl aon chur i gcéill i gceist, is óna croí agus óna hanam atá sí ag canadh, bean a bhfuil teacht aniar inti (nó mar a dúirt Leonard Cohen) 'was born with the gift of a golden voice'. Agus is é sin is cúis le gean a bheith ag daoine uirthi. Mar a scríobhadh in The Observer, agus an ceart ar fad ag an té a scríobh, 'Tá cumas ar leith ag Mary Coughlan'. Tá macallaí crá croí Billie Holiday, anam Van Morrison agus dúshlán Edith Piaf le cloisteáil ina cuid ceoil, agus is ionann éisteacht le Mary ag canadh agus éisteacht lena croí istigh.