In the Aisles ar an scáileán (In Den Gangen) ag Ionad Ealaíon Séamus Ennis
Curtha i láthair i gcomhar le Goethe-Institut Irland.
Is fostaí nua ciúin agus airdeallach é Christian (Franz Rogowski) a chuirtear ag obair i roinn na “nDeochanna” i hipearmhargadh in Oirthear na Gearmáine, áit a bhfoghlaimíonn sé a cheird ón seanóir téagartha borb, Bruno (Peter Kurth). Agus é ag breathnú trí na seilfeanna, cuireann sé dúil i Mario (Sanda Hüller), a oibríonn i roinn na sólaistí. Agus é ag dul i dtaithí ar an deaslámhacht atá de dhíth chun forcardaitheoir a oibriú, éiríonn Christian cairdiúil le Bruno agus bíonn se ag cliúsaíocht le Marion. Ach tá leideanna duairce ann faoina shaol san am atá caite a chuireann isteach ar a shéimhe. Tá sé clúdaithe óna mhuineál go caol a láimhe le tatúnna lán le dúch láidir.
Is scéal gonta caolchúiseach In the Aisles faoi dhóchas gan comhlíonadh agus faoi mhianta, agus faoin dóigh a mbíonn muid ag tnúth leis an tsaoirse chun ár gcinniúint féin a chomhlíonadh.
Buaiteoir - Duais an Ecumenical Jury, Féile Idirnáisiúnta Scannán Bheirlín 2018
Buaiteoir - An tAisteoir is Fearr i bPríomhról, Gradaim Scannán na Gearmáine 2018
“An rud is greannmhaire agus is siamsúla faoi In the Aisles ná gur litir ghrá é chuig an áit ollmhór, rúndiamhrach álainn, aisteach arb í an trádstóras miondíola ollmhór ina n-oibríonn Marion, Bruno agus Christian í. Is scannán tochtmhar fíorbháúil é In the Aisles.” - Peter Bradshaw, The Guardian
Stiúrthóir: Thomas Stuber
Fad: 125 nóiméad
Teanga: Gearmáinis (le fotheidil Bhéarla)
Teastas:12(An Ghearmáin)
SEAC Cairde/Baill – SAOR IN AISCE, cur in áirithe roimh ré riachtanach
Lacáistí agus aíonna SEAC Cairde/ Baill - €4 roimh ré, €6 ag an doras
Doirse Oscailte: 8:00pm
Ag Tosú: 8:30pm
Cead isteach
Roimh ré: €5 / €4
Ag an doras: €7 /€6