NoCrows ag Ionad Ealaíon Séamus Ennis

**Mar gheall ar an ráchairt as cuimse, tá an 2ú dáta curtha ar fáil againn ar an Aoine 31 Eanáir! Cuir ticéad in áirithe roimh ré chun nach mbeidh díoma ort, le do thoil**

Is ceolfhoireann ceol tíre bhríomhar iad NoCrows a d’eascair as saol an cheoil i Sligeach,saol atá ilghnéitheach ilchultúrtha. Tháinig NoCrows le chéile in 2005 agus léiríonn an méid ceoil dá gcuid féin atá á dhéanamh acu na fréamhacha éagsúla ceoil atá acu, ó cheol Gaelach traidisiúnta go rumba Laidineach, snagcheol clasaiceach, rac-cheol agus ceol Balcánach. Tá stór ceoil úrnua an bhanna chomh leathan sin go gcuireann sé iontas an domhain ar an lucht éisteachta, ó fhoinn snasta Éireannacha go ceol mire Ghiofóga na Rúise, ó Jota Catalónach go hamhráin nua ina lán stíleanna le cóiriú téadach saibhir. Léiríonn an meascán ceoil traidisiúin cheoil na mball éagsúil agus chomh maith leis sin an taithí fada atá ag na seinnteoirí éagsúla ar an iliomad cineálacha ceoil.

Is iad seo a leanas NoCrows;

Felip Carbonell - Giotár, Cnaguirlisí, Guth

Ray Coen - Giotár, Fidil, Guth

Anna Houston - Dordveidhil, Maindilín, Guth

Eddie Lee – Olldord, Maindilín, Vióla, Guth

 

Trí na blianta sheinn NoCrows i gcomhar le ceoltóirí eile. Bhí breis agus fiche aoi ar a dtríú albam ‘On the Moon’ lena n-áirítear Sharon Shannon, David Lyttle an drumadóir snagcheoil, Haig Yazjan a sheinneann úide na Gréige, agus Cali, ceoltóir Francach. Chuaigh siad ar camchuairt timpeall an domhain, agus thuill siad clú as a gceol beo spleodrach i bhfad ar shiúl ó Éirinn. Bhí an lucht éisteachta faoi dhraíocht ag fuinneamh doshrianta an bhanna  agus iad ar an ardán, mothúchán ba mhian leo a bheith léirithe in albam NoCrow. Banna a chomhlíonfaidh mian a lucht éisteachta, d’eisigh NoCrows albam beo nua an samhradh seo caite. Is é atá in ‘Éalú’ meascán d’amhráin mór-rachairte a éilíonn a leantóirí agus de phoirt úra, lena n-áirítear ceol i gcomhar le Lisa Lambe agus Martin Tourish. Na baill is úire de chlub – comhoibrithe - NoCrows.

Doirse oscailte: 8:00pm

Ag tosú: 8:30 pm

Cead Isteach:

Roimh ré: €20/ €16

Ag an doras: €22 /€18