The Frank and Walters - Acoustic Duo

Tá The Frank and Walters ar an bhóthar arís le haghaidh sraith de ghigeanna ardmheanmain acústacha.

Agus na céadta amhrán eisithe acu a scríobh siad le tríocha bliain anuas, beidh an banna ag seinm na n-amhrán go léir is ansa leat agus dornán de shár-amhráin atá ligthe i ndearmad le fada.

Insíonn Paul cuid de na scéalta atá taobh thiar de na hamhráin agus scéalta ón saol mire i gceann de na bannaí is faide ar an fhód in Éirinn.

Bí ag súil le leithéidí ‘After All’ agus ‘Fashion Crisis Hits New York a chloisteáil chomh maith le clasaicí mar ‘How Can I Exist’ agus ‘Landslide’.

Arsa Paul “Ní dhearna muid gigeanna acústacha ar bith le fada agus mar sin de bhain muid an deannach dár ngiotáir acústacha agus tá mé ar bís leis na hamhráin agus na scéalta a roinnt lenár lucht leanúna, idir shean agus úr”.

Tharraing an banna clú domhanda orthu féin ar dtús sa domhan indi sna 90idí agus tá seacht n-albam déanta acu i stiúdiónna. Níl cuid ar bith dá thallann ná dá spreagadh caillte ag Paul agus é ag déanamh amhráin indi atá snasta meallacach agus leanann sé ar aghaidh ag scríobh ábhar nua go dtí an lá inniu. An samhradh seo bhain an banna mian amach a bhí acu ar feadh a saoil nuair a sheinn siad le ceolfhoireann iomlán ag Áras Ceoldrámaíochta Chorcaí.

Le déanaí spreag an banna lucht éiseachta iomlán nua nuair a seinneadh a gcnagshingil ó na 90idí ‘After All’ ar an seó grinn ‘The Young Offenders’ (an radharc fuadaithe bus le ‘Billy Murphy’ an mhíchlú) agus bhí Cillian Murphy ó Peaky Blinders ar a singil a rinneadh le déanaí agus é ag déanamh guthú ar an rian ‘Stages’.

Ná caill a gceol acústach iontach ag an SEAC.

Tá na ticéid teoranta, cuir in áirithe roimh ré iad gan mhoill chun nach mbeidh díomá ort! 

Doirse Oscailte: 8:00pm

Ag Tosú: 8:30 pm

Cead Isteach:

Róimh ré: €26

Ag an doras: €28