Andy Irvine & Donal Lunny beo ag Ionad Ealaíon Séamus Ennis

Beidh beirt fhathach i ndomhan cheol traidisiúnta na hÉireann ag teacht le chéile le haghaidh tráthnóna de cheol iontach, meascán d’amhráin thraidisiúnta agus bunamhráin a chum Andy.

Bhí Irvine agus Lunny i mbun bannaí clúiteacha amhail Sweeney’s Men, Planxty The Bothy Band, LAPD agus le déanaí Usher’s Island. Tá tionchar leanúnach ag a stíl uathúil tionlacain ar cheol na hÉireann trí chéile.

Bhí saol oibre i ndomhan cheol na ndaoine ag an bheirt acu a bheadh deacair a shárú.

Tá albaim táirgthe ag Lunny do Elvis Costello, Paul Brady agus na Indigo Girls agus tá fuaimrianta cumtha aige do Eat the Peach, agus Teardrops. Mar cheoltóir, sheinn Lunny ar níos mó ná dosaen albam de chuid Christy Moore, agus bhí páirt thábhachtach aige i ngrúpaí clúiteacha macasamhail Planxty, The Bothy Band Mozaik agus Moving Hearts. Bhí sé páirteach sa tsraith teilifíse BBC Transatlantic Sessions in éineacht le leithéidí James Taylor, Eddi Reader, Diana Krall agus daoine nach iad.

Bhí Donal in MD ar Bhanna an Tí ag an cheolchoirm “Ceiliúradh” sa  Royal Albert Hall, a bhí mar chuid de chuairt stáit an Uachtaráin Michael D Higgins ar an Ríocht Aontaithe. Bhí Andy Irvine páirteach freisin san ócáid thábhachtach sin.

Is ceoltóir oilte é Andy Irvine a sheinneann ar a lán uirlisí chomh maith le bheith ina amhránaí agus ina scríbhneoir amhrán a bhfuil roinnt albam aonair déanta aige. Roimhe seo bhí Andy i Planxty agus Sweeney’s Men agus anois is ball de Mosaik agus Usher’s Island é  in éineacht le Donal. Cheol sé agus thaifead sé le Paul Brady, Christy Moore, Bill Whelan agus Davy Spillane, agus bhí sé ar an ardán le Billy Bragg i mBaile Átha Cliath i gComóradh Céad Bliain Woody Guthrie. Chomh maith leis sin, ghlac sé páirt ar na mallaibh sna ceolchoirmeacha Imagine sa Cheoláras Náisiúnta, Baile Átha Cliath agus sa Royal Festival Hall i Londain.

Cuirfidh Lunny agus Irvine clár de cheol Gaelach agus d’amhráin de chuid Andy i láthair. Ná caill an deis uathúil seo chun beirt laoch de cheol na hÉireann a fheiceáil ar an ardán le chéile ag an SEAC. Doirse oscailte: 8:00pm

Ag Tosú: 8:30

Cead isteach:

Roimh ré: €25 / €20

Ag an doras: €28 /€23