Des Bishop - Mia Mamma

Is minic a chuirtear an cheist orm “cá bhfaigheann tú d’abhar?” Is í fírinne an scéil i ndáiríre go ndéanaim iarracht an greann a fheiceáil i ngach rud. Fuair mo mháthair bás i Márta 2019 agus ar ndóigh bhí sé brónach agus is crua an rud é an brón in amanna ach chonaic mé cuid mhór grinn ansin freisin. Ó tharla go bhfaigheann muid go léir bás agus go mbeidh brón ar an chuid is mó againn, shíl mé go gcaithfidh sé go bhfuil daoine ann ar mhaith leo go roinnfí an greann sin. Lena chois sin rinne mé seó faoi m’athair a bheith tinn siar in 2010 agus ní thiocfadh liom aghaidh a thabhairt ar mo mháthair sa saol atá le teacht mar tá a fhios agam gurbh í an chéad cheist a chuirfeadh sí orm ná “Fuair Athair seó, cad chuige nach bhfuair mé féin ceann?”

Sílim go bhfuil sé níos crua do Mham a chailleadh. Ba é mo Dhaid an t-aisteoir tánaisteach ab fhearr. Ba í mo mháthair an t-aisteoir sa phríomhról. Ní bhíonn tú réidh in am ar bith nuair a fhaigheann réalt an tseó bás. Mar sin is seó é seo faoi Mo mháthair. Is seó é faoin mháithreachas agus faoin íobairt, an imní agus an brón, na meancóga a dhéanann tú mar mháthair agus mar mhac agus an bealach crua chun maithiúnais agus ar deireadh tá sé faoi chaill, brón agus an chíor thuathail a bhaineann leo.

Cá bhfaighim m’ábhar?

Ón bheatha agus ón bhas!

Doirse Oscailte: 8:00pm

Ag Tosú: 8:30

Cead isteach

Roimh ré: €26