Aoife Scott ag Ionad Ealaíon Séamus Ennis

I ndiaidh di a céad albam ‘Carry The Day’ a sheoladh ag Tradfest Theampall an Bharra in 2016, albam a bhí ar fheabhas agus a moladh go hard na spéire, eisíonn Aoife Scott a dara halbam ‘Homebird’,a rabhthas ag tnúth go mór leis, i Mí Eanáir 2020.

Ron Block (Alison Krauss & Union Station & Oh Brother Where Art Thou), sársheinnteoir bainseó agus giotáir a bhfuil Gradam Grammy buaite aige dhá uair déag, a chuir amach an t-albam is déanaí agus taifeadadh é in Nashville agus i mBaile Átha Cliath. Rinneadh an t-albam iontach seo i gcomhar le sárcheoltóírí traidisiúnta na hÉireann agus le ceoltóirí Bluegrass a bhfuil Grammy buaite acu, lena n-áirítear Sierra Hull, Stuart Duncan agus an léiritheoir Ron Block. Ar an lán dóigheanna is cor cinniúnach é maidir lena hoidhreacht cheoil.

Is ball de chlann chlúiteach Black í Aoife agus tá a clú ag méadú i rith an ama i ndomhan an cheoil tíre. Tá rath uirthi le fada an lá mar cheoltóir cruthaithe. Seal leochaileach agus ainglí, seal láidir agus spleodrach, fiosraíonn a guth diamhair síorathraitheach doimhneacht mothúchánach na bhfocal, rud a fhágann an lucht éisteachta faoi dhraíocht. Tá fuaim uathúil ag Aoife, tá raon leathan cruthaitheach ag a guth ach is iad a fréamhacha féin i gceol traidisiúnta na hÉireann is mó a imríonn tionchar air.

I measc na ngradam is déanaí a thuill sí, ainmníodh í mar Best Folk Act ag Gradaim Cheoil an Irish Post (IRE) sa chatagóir chéanna le Christy Moore. Agus í i Meiriceá, fuair sí gradam an Emerging Artist of the Year ag Live Ireland Awards (US) i Meitheamh 2018.

Tá na ticéid teoranta, cuir in áirithe iad gan mhoill le nach mbeidh díomá ort.

Doirse Oscailte: 8:00pm

Ag Tosú: 8:30pm

 

Cead isteach:€16/€13

Ag an doras: €18 / €15