Le Brio ar an scáileán ag Ionad Ealaíon Séamus Ennis

Bí linn le haghaidh oíche de scannánaíocht na Fraince agus de bhia* na Fraince nuair a bheidh an Cottage Café ag cur béilí éagsúla den scoth ar fáil mar aon le fíonta roimh an gheandrámaíocht iontach, ‘Le Brio’.

Curtha i láthair le tacaíocht ó Ambasáid na Fraince agus an Institut Français.

Is mac léinn dlí sa chéad bhliain í Neila de bhunadh na hAilgéire arb as ceann de na heastáit ollmhóra i bParás í. Ar a céad lá ar Ollscoil chlúiteach Assas, tá sé ina aighneas idir í agus Pierre Mazard, ollamh dlí conspóideach.

Scaipeann a n-aighneas go mear mar go n-úsáideann Pierre teanga ina bhfuil maslaí ciníocha. Tugtar é os comhair Uachtarán na Scoile agus tugtar seans amháin dó cúiteamh a dhéanamh – caithfidh sé meantóireacht a dhéanamh ar Neila le haghaidh comórtas  díospóireachta tábhachtach a bheidh ar siúl gan mhoill.

Ar dtús tá sé deacair don bheirt acu bheith in aon seomra le chéile, ach de réir a chéile tagann siad ar chomhthuiscint agus éiríonn siad cairdiúil lena chéile. Idir an dá linn, tá Neila ag streachailt lena féiniúlacht de bhrí go bhfuil sí scoite amach óna seanchairde thiar sa bhaile de bharr chomh deisbhéalach agus a d’éirigh sí.

 

Stiúrthóir: Yvan Attal

Fad: 97 nóiméad

Teanga: Fraincis (le fotheidil Bhéarla)

Teastas: PG (UK)

Lacáistí agus aíonna SEAC Cairde/ Baill - €4 roimh ré, €6 ag an doras

Daoine nach baill iad- €5 roimh ré, €7 ag an doras

*Níl bia san áireamh sa chead isteach ginearálta; cuir an suipéar in áirithe (€15 le haghaidh príomhchúrsa agus gloine fíona) le do thicéad más mian leat a bheith páirteach sa bhéile ar 7:30*

Doirse oscailte: 8:00 pm

Ag Tosú: 8:30 pm

 

Cead isteach

Roimh ré: €5 / €4

Ag an doras: €6 /€7