Tús nua don bhliain nua do Bhaile Brigín agus an mol á oscailt

Our Balbriggan shop front

Cuirfidh an bhliain nua tús le ré nua don bhaile is óige in Éirinn de réir mar a bheidh éifeacht phlean athnuachana Ár mBaile Brigín le feiceáil sa cheantar.

Tá dul chun cinn ollmhór déanta ar an bplean, atá múnlaithe ag tuairimí mhuintir an bhaile, de réir Grúpa Ceannaireachta Bhaile Bhrigín.

Bunaíodh Grúpa Ceannaireacta, faoi chathaoirleacht an Ollaimh Brian MacCraith, Uachtarán, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, chun pleananna uaillmhianacha a ullmhú don cheantar le gníomhartha ar féidir a sheachadadh.

Tá Mol Ár mBaile Brigín le hoscailt i gcroílár an bhaile i mí Mhárta mar chuid den straitéis 20 Rud i 12 Mí a fógraíodh ag lainseáil an phlean i mí Bealtaine.

Lonnaithe i gCearnóg Sheoirse, beidh an Mol mar cheann feadhna na scéime athnuachana.

“Ceann de na teachtaireachtaí is láidre ón suirbhé Ár mBaile Brigín ná gur theastaigh ó dhaoine láithreacht níos sofheicthe a fheiceáil ar an talamh,” a dúirt an tOllamh MacCraith.

“Beidh sé seo mar mhol comhoibrithe agus gníomhaíochta, acmhainn don phobal chun taithí a fháil ar an bplean i ngníomh, leis na líníochtaí agus na grafaicí go léir ar taispeáint.”

“Beidh foireann Ár mBaile Brigín sa mhol freisin, atá freagrach as athrú a chur i bhfeidhm sa bhaile mór.

“De réir mar a théann an bhliain ar aghaidh, feicfimid comharthaí níos feiceálaí den chlaochlú i mBaile Brigín.

“Léireoidh agus leagfaidh soilsiú nua béim ar áilleacht ailtireachta dhroichid tarbhealach an bhaile.”

“Beidh tús nua ann freisin do theach bád stairiúil an bhaile le hathchóiriú ag tosú sa dara leath de 2020 chun an chuid taobh istigh a athchóiriú agus an chuid taobh amuigh agus na gnéithe stairiúla a chaomhnú.

“Ansin cuardóidh Comhairle Contae Fhine Gall páirtithe leasmhara a bhfuil suim acu ann, chun an spás a fheidhmiú mar ghnó tuarasóireachta nó fóillíochta ag teacht le treo cheantar an chuain amach anseo faoin bplean.”

Beidh níos mó féilte agus imeachtaí ardchaighdeáin i 2020, agus an baile ag óstáil an chéad Fhéile Idirnáisiúnta Guthanna Fhine Gall bliantúil ó 12-15 Márta.

Cuirfidh an fhéile fáilte roimh chóir leanaí, óige, agus aosach ó Éirinn, ón Eoraip agus ó na Stáit Aontaithe le haghaidh deireadh seachtaine spraoiúil amhránaíochta, scéalaíochta agus comórtas, ag críochnú le ensemble amháin ag buachaint Trófaí Grand Prix Fhine Gall agus €3000.

Tá an fhéile dírithe ar éagsúlacht a cheiliúradh agus cuirfidh sé ardán ar fáil do dhaoine aonair agus do phobail chun a gcultúr a léiriú i suíomhanna ar fud Bhaile Bhrigín agus na ceantair máguaird.

Chomh maith le himeachtaí seanbhunaithe ar nós an Fhéile Samhraidh bhliantúil agis an Fhéile Dóiteáin, i mí Meán Fómhair seo chugainn beidh comóradh céad bliain ar an ‘Sack Of Balbriggan’ ar siúl freisin. Déanfar comóradh ar sin le sraith imeachtaí ar fud an bhaile, ag críochnú le mórimeacht.

Dúirt an Comhairleoir Tony Murphy, Cathaoirleach Ghrúpa Polasaí Straitéiseach Chomhairle Contae Fhine Gall ar Fhiontraíocht Eacnamaíoch agus Forbairt Turasóireachta: “Sna blianta atá amach romhainn, beidh an deis ag Baile Brigín baile cois farraige le háiseanna den scoth a fhorbairt a thabharfaidh todhchaí inbhuanaithe dá daonra.”

“Beidh deiseanna ann fresin chun gnóanna atá ann faoi láthair a fhorbairt agus chun infheistíocht agus poist nua a mhealladh isteach sa bhaile freisin.”

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá áthas orm tacú le Plean Ár mBaile Brigín agus tá mé féin agus m’fhoireann bainistíochta tiomanta go hiomlan dá cur i bhfeidhm.  

“I bpróiseas an bhuiseid, tá fóráil déanta ag an gcomhairle do mhaoiniú caipitil suntasach, a chlaochlóidh an baile thar thréimhse an chláir suas go 2025.

“Maraon leis an oifigeach forbartha spóirt agus an t-oifigeach pobail atá in ionad cheana féin, osclóimid áitreabh aghaidhe siopa i lár an bhaile go luath an bhliain seo chugainn. 

“Tá foireann tiomanta Fhine Gall curtha i bhfeidhm agam a thiomáinfidh gníomhaíocht ar an urlár i gcomhpháirt leis an bpobal agus páirtithe leasmhara poiblí, sóisialta agus tráchtála.

“Tá mé sásta leis an dul chun cinn láidir atá déanta ar phleananna do Pháirc Taitneamhachta Réigiúnach Brí Mór, Bealach Cósta Fhine Gall agus scéimeanna rothaíochta agus coisithe do Bhóthar Anraí Mhic Raghnaill, áit a raibh rannpháirtíocht an phobail go hiontach.

“Tosóidh mórscéimeanna i gceantar Shráid na Cé/An Chuain agus na Príomhshráide sa chéim deartha agus pleanála an bhliain seo chugainn.

“Cuirfimid clabhsúr leis an mbliain le dhá chlós súgartha nua, ceann i Sráid na Cé agus ceann eile ag  Túr Martello, ar áiseanna fíorluachmhara iad don bhaile maraon leis an bPáirc Scátála nua.”

 

Our Balbriggan shop front