Reeling in the Showband Years

Tá sé ar ais agus tá sé níos fearr agus níos mó!

DÉARDAOIN 30 - DÉ hAOINE 31 EAN 2020, 8 P.M. Príomh-Halla // €32 / €30 lacáiste

Téigh siar san am go dtí an ré dhraíochtach seo, ré phopcheoil nach mbeidh a leithéid ann arís in Éirinn! Canfaidh an t-óstach Ronan Collins amhráin in ómós do Joe Dolan, Dickie Rock, amhráin mór Eoraifíse agus a thuilleadh nach iad. Beidh Linda Martin - réalta mhór i ngnó na siamsaíochta - in éineacht le Ronan. Bhuaigh Linda Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse i 1992 leis an amhrán 'Why Me' agus chuir sí go leor seónna i láthair ar RTÉ. Beidh an guth is fearr in Éirinn, Red Hurley, ag canadh na hamhráin dá chuid is mó a bhfuil clú orthu. Beidh deirfiúr agus deartháir a chanann le chéile mar ghrúpa, Keith agus Lorraine McDonald, ann chun amhráin a chasadh in ómós do gach ní a bhaineann le seóbhannaí. Anuas orthu siúd, beidh fuaim mhór an tseóbhanna The Conquerors agus réalta na hEoraifíse Tommy agus Jimmy Swarbrigg ann, chomh maith le Shaun O'Dowd a bhí ag barr na gcairteacha sna 70idí.

Ag deireadh an tseó, canfaidh na ceoltóirí GO LÉIR in ómós do Ré na Seóbhannaí. Tiocfaidh na réaltaí go léir le chéile chun meascra amhrán a chasadh as ré uathúil na seóbhannaí! Tabharfar ar ais thú go dtí an ré cheoil draíochtach seo. Beidh tú ag dul abhaile le cuimhní thar cionn ar an ré cheoil iontach seo, ré phopcheoil nach mbeidh a leithéid ann arís in Éirinn.