Gairm Oscailte le haghaidh Stiúideo Ealaíontóirí Theach Bád Loch Sionnaigh
Tá áthas ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall an Ghairm Oscailte le haghaidh Stiúideo Ealaíontóirí Theach Bád Loch Sionnaigh a fhógairt. Rinneadh an teach bád seo a athchóiriú le déanaí. Tá sé lonnaithe i suíomh álainn i Loch Sionnaigh, ar sráidbhaile cois cósta é idir An Ros agus Na Sceirí. Mar gheall ar shuíomh fíorálainn an tí bád ar imeall an uisce agus ag ceann an chalaidh, cuireann sé spás oibre ar leith atá go hiomlán fóirdheonaithe ar fáil d'ealaíontóirí proifisiúnta.