Tá go leor le fáil i bhfeachtas “Ar Scáth A Chéile” de chuid Fhine Gall

Tá réimse leathan gníomhaíochtaí agus acmhainní do gach aois ar fáil mar chuid den fheachtas nua “Ar Scáth A Chéile”.

Fingal Digifit

Is é seo an dara céim de Ghlaoch Pobail an Rialtais, ach tá foireann Chomhairle Contae Fhine Gall ag cruthú, ag tacú le, agus ag cur chun cinn gníomhaíochtaí cheana féin do chónaitheoirí le déanamh nó páirt a ghlacadh iontu agus iad fós ag cloí le srianta Covid-19.

Tá sé mar aidhm ag an bhfeachtas ‘Ar Scáth A Chéile’ bealaí agus gníomhaíochtaí a sholáthar do gach duine in Éirinn Chun Fanacht Nasctha, Fanacht Gníomhach, agus aire a thabhairt dá bhFolláine Fhisiceach agus Mheabhrach le linn éigeandáil Covid-19.

Spreagann an feachtas gach duine againn sprioc de ghníomhaíocht nua laethúil a leagan síos le go mbraithimid beagánín níos sláintiúla agus sona de réir mar a théimid i ngleic le Covid-19.

Tá comhairle úsáideach á cur chun cinn chun cabhrú le daoine de gach aoisghrúpa déileáil leis na srianta leanúnacha, cíbe an bhfuil siad ag tabhairt aire do leanaí, ag déileáil le féinleithlisiú, ag ullmhú don Ardteistiméireacht, nó ag déileáil le dúshláin a fhorchuirtear leis na bearta reatha.

Dúirt Méara Fhine Gall, An Comhairleoir Eoghan O’Brien: “Tá folláine an phobail mar chuid lárnach de Ghlaoch Chomhairle Contae Fhine Gall i leith COVID-19 óna thús. Choinníomar ár bpáirceanna agus ár dtránna ar oscailt ionas gur féidir le daoine aclaíocht choirp a dhéanamh agus iad ag cloí leis na rialacha maidir le scaradh sóisialta agus bhaineamar úsáid as an iliomad bealaí cumarsáide ar líne atá againn chun éagsúlacht tionsnaimh a chruthú chun saoránaigh a spreagadh atá ag cocúnú sa bhaile nó atá srianta laistigh de 2 ciliméadar le páirt a ghlacadh iontu.

“Tá an chruthaitheacht atá ag teacht ónar bhfoireann go hiontach agus tá cruthaitheacht shaoránaigh Fhine Gall ar aon dul leis sin.” 

Tá go leor gníomhaíochtaí do chónaitheoirí chun fanacht aclaí agus sláintiúil a uaslódáladh ar líne agus a cuireadh chun cinn trí bhealaí eile. Áirítear leo seo gnáthamh a choinneáil, spás oibre a aimsiú agus a chruthú duit féin sa chás go bhfuil tú ag obair ón mbaile, ag cloí le sosanna pleanáilte agus amanta béilí, ag cuimhneamh ar ithe go sláintiúil, agus ag fanacht i dteagmháil le do chairde agus le do mhuintir. Cabhróidh gníomhaíocht shóisialta inár saol, éirí suas, bogadh timpeall agus labhairt go rialta le baill teaghlaigh, comhghleacaithe agus ár líonraí sóisialta linn go léir aire a thabhairt dúinn féin agus tacú lena chéile.

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá áthas orm go bhfuil saoránaigh ag baint leasa cheana féin as an infheistíocht atá déanta ag Comhairle Contae Fhine Gall tríd na mblianta i réimsí ar nós Leabharlanna, na hEalaíona, Spóirt, Oidhreacht agus Imeachtaí de réir mar a chuirimid folláine fhisiceach agus mheabhrach chun cinn trí éagsúlacht cláracha agus, sa ré seo de thaisteal srianta, trí raon bealaí cumarsáide.

“Ní féidir liom a threisiú a dhóthain an tábhacht a bhaineann le gach saoránach freagracht phearsanta a ghlacadh maidir le haire a thabhairt dá sláinte fhisiceach agus mheabhrach ag an am fíorstrusmhar seo. Ba mhaith liom achomharc a dhéanamh chomh maith chuig gach duine chun faire amach do na baill is leocháilí dár bpobal atá ag cocúnú sa bhaile agus a bhfuil tacaíocht ag teastáil uathu. D’fhéadfadh go mbeadh an-tairbhe ag baint le beart flaithiúil mar ghlaoch fóin nó nóta tríd an doras do chomharsa ag an am seo.”

Tarraingíonn ‘Ar Scáth A Chéile’ réimse ollmhór gníomhaíochtaí le chéile le déanamh i do theach, i do cheantar, leat féin, le baill teaghlaigh nó le cairde ar líne.

Tá foireann Fhine Gall ag cruthú agus ag cur gníomhaíochtaí chun cinn cheana féin chun fanacht nasctha agus tacú leis an Tionscnamh ‘Ar Scáth A Chéile’ agus i dteannta leis na gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí a bhfuil ionadaíocht acu ar an bhFóram Glaonna Pobail, leanfaidh siad ag cruthú pleananna agus cláracha breise sna seachtainí atá amach romhainn.

I measc na dtionscnamh atá ar bun, tá obair Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Fhine Gall chun “dialann scéalta maithe nua’ a chruthú a léireoidh na gníomhartha dlúthpháirtíochta iontacha ar fud phobal Fhine Gall.

Ba mhaith linn a chinntiú chomh maith go gcuirtear san áireamh iad siúd nach bhfuil rochtain acu ar nó nach n-úsáideann eolas ar líne. Seolfar Leabhrán Gníomhaíochta Folláine a forbraíodh idir ár bhFoireann Pobail i mBaile Átha Cliath 15 agus ár gComhordaitheoir Aois-Chairdiúil go 2,000 duine scothaosta nó leochaileach atá ag cocúnú sa bhaile. Tá na leideanna agus na gníomhaíochtaí go léir ann ar féidir le daoine páirt a ghlacadh iontu.

Tacóidh sé seo maraon le tionscnamh ‘fan nasctha’ idir scoileanna agus seanóirí le daoine scothaosta agus daoine leochaileacha ina dtithe féin. Tá an t-eagrán digiteach is déanaí de Nuacht Fhine Gall ar fáil ar líne anois agus tá cóipeanna curtha i gcló fresin agus seachadfar é do dhaoine scothaosta agus leochaileacha agus iad ag cocúnú sa bhaile ar fud an Chontae. Tá eolas luachmhar ann chun cabhrú lenár saoránaigh a bheith nasctha le chéile ag an am seo.

Dúirt Margaret Geraghty, Stiúrthóir Pobail agus Tithíochta i gComhairle Contae Fhine Gall: “De réir mar a leanaimid ar aghaidh leis na srianta agus na treoirlínte le linn na héigeandála Covid-19, tá sé tábhachtach go dtabharfaimis aire dúinn féin chomh maith agus is féidir linn. Tá an-áthas orm go bhfuil réimse seirbhísí agus tionscnamh ar fáil ar fud Fhine Gall chun tacú le daoine é sin a dhéanamh. Tá líonra láidir pobail againn i bhFine Gall, agus tá fonn orainn tacú le gníomhaíochtaí trínár ngrúpaí pobail chun cabhrú le daoine folláine fhisiceach agus mheabhrach mhaith a choinneáil. Soláthraíonn Scéim Maoinithe Deontas Covid-19 deontais do ghrúpaí pobail agus deonacha i bhFine Gall atá sa Ghlaoch Pobail mar fhreagra ar an bpaindéim.

“Is é an clár Folláine an dara céim den chlár iomlán Glaonna Pobail agus is í an chéad chéim ná bunú an Fhóraim Glaonna Pobail agus an Líne Chabhrach Glaonna Pobail. Tá áthas orm a rá go raibh foireann Fhine Gall an-ghnóthach ag cruthú pleananna agus smaointe nua chun tacú le saoránaigh agus go bhfuil siad ag leanúint ar aghaidh ag cur ár seirbhísí ar fáil ar bhealaí nua agus nuálacha.”

Is féidir le háitritheoirí atá ag lorg éalú, deiseanna foghlama nua, nó cabhair chun intinn a leanaí a choinneáil gníomhach féachaint ar an ábhar a chruthaíonn foireann Leabharlanna Fhine Gall trína gcuid bealaí líonmhara ar líne.

  •  Cainéal YouTube:  https://m.youtube.com/watch?feature=youtu.be&v=3oM22D-m3X4 le hamanta scéalta, ranganna ar líne, smaointe ceardaíochta agus  go leor eile. 
  • Ranganna grianghrafadóireachta ar líne.
  • Comórtas grianghrafadóireachta agus tráth na gceist Lá Bealtaine.
  • Saothair Ealaíontóirí – ranganna ceoil agus ealaíne saor in aisce ríomhsheirbhíse ó Leabharlanna Fhine Gall.
  • Dúshlán Gaeilge 21 lá ar líne.
  • Tionscnamh Bronntanais Leabhar do leanaí ón lucht taistil.
  • Seisiún 4 seachtaine de ranganna códúcháin ag tosnú an 27ú Aibreán.
  • Aip Greannán – Soláthraíonn Leabharlanna Fhine Gall rochtain saor in aisce ar ghreannáin agus úrscéalta grafacha.
  • Aip cheoil Freegal – 15 milliún amhrán i seánraí éagsúla le sruthú nó le híoslódáil saor in aisce ó Leabharlanna Fhine Gall.

Dóibh siúd nach bhfuil rochtain acu ar ábhar ar líne, tá obair ar bun freisin chun seirbhís seachadta leabhar do dhaoine atá gafa sa teach agus daoine os cionn 70 atá ag cocúnú.

Tá neart gníomhaíochtaí eile ar féidir le daoine a bheith rannpháirteach ann a bhfuil Comhairle Contae Fhine Gall á gcur chun cinn ar bhealaí éagsúla in éineacht leis na seirbhísí atá á gcur ar fáil do bhaill leochaileacha dár bpobal, mar shampla:

  • Digifit Fhine Gall – Sraith físeán dreas traenála baile a spreagann saoránaigh de gach aois agus cumas a bheith aclaí le linn ghéarchéim Covid-19.
  • Leabhrán Gníomhaíochta Folláine – Arna fhorbart ag Tionscnamh Glaonna Pobail Covid-19 de chuid Fhine Gall do dhaoine scothaosta agus do dhaoine atá ag cocúnú sa bhaile faoi láthair.
  • Leideanna do Dhaoine Óga – Tá leideanna tugtha ag Comhairle Contae Fhine Gall maidir le conas is féidir le daoine óga a gcuid ama saor a chaitheamh.
  • Moil Phobail – Faigheann saoránaigh leochaileacha scothaosta cuairt laethúil ó oibrithe deonacha a chloíonn le scaradh sóisialta.
  • Seirbhís Ealaíon Ar Líne – Tá Oifig Ealaíon Fhine Gall ag cur clinicí ar líne ar fáil d’Ealaíontóirí agus ag beoshruthú tionscnaimh ealaíon.
  • Dúshlán Scileanna Leanaí – Dúshlán spóirt laethúil ar líne chun leanaí a spreagadh chun a bheith gníomhach.  
  • Físeáin Eolais Tithíochta – Sraith físeán eolais do shaoránaigh ar gá dóibh rochtain a fháil ar sheirbhísí tacaíochta tithíochta le linn na géarchéime COVID-19.
  • Fan Nasctha – Cainéal YouTube ó Leabharlanna Fhine Gall le hamanta scéalta, ranganna ar líne, smaointe ceardaíochta agus go leor eile á gcur leis go seachtainiúil.  
  • Leabhair do Leanaí ón Lucht Taistil – Tionscnamh bronntanais leabhar atá ag dáileadh málaí bronntanais do leanaí ón lucht taistil ar fud an chontae.
  • Dúshlán na Gaeilge – Dúshlán Gaeilge 21 lá ar líne chun cur le do chúpla focal.

Tá eolas faoi na gníomhaíochtaí folláine seo go léir agus go leor eile le fáil ar www.fingal.ie agus cainéil meán sóisialta de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall.