Tapaigh an deis Do Thuairim a thabhairt! Deiseanna Oideachais Ceoil do Leanaí agus do Dhaoine Óga.

Have your say Music Education Rectangle 002

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag obair i gcomhpháirtíocht le Bord Oideachais agus Oiliúna Bhaile Átha Cliath agus Dhún Laoghaire d’fhonn deiseanna oideachais ceoil a chur chun cinn do leanaí agus do dhaoine óga sa chontae. Is mian leis na comhpháirtithe do thuairimí ar oideachas taibhcheoil do leanaí agus do dhaoine óga a chloisteáil agus d’fhorbair siad suirbhéanna comhairliúcháin phoiblí atá ar fáil lena gcomhlánú ar líne anois chun do thuairimí a chur in iúl. Mar rud sa bhreis, beidh deis do daoine óga a chomhlánaíonn an suirbhé dearbhán a bhuachan!

 

Beidh na sonraí a bhaileofar ina mbonn eolais d'aighneacht chuig Music Generation. Beidh an aighneacht dírithe go sonrach ar oideachas taibhcheoil do leanaí agus do dhaoine óga idir 0 agus 18 mbliana d’aois, agus beidh se dírithe ar shuíomhanna oideachais agus pobail i bhFine Gall. Is Clár Náisiúnta Oideachais Ceoil na hÉireann é Music Generation a éascaíonn rochtain do leanaí agus do dhaoine óga ar shároideachas taibhcheoil trí chomhpháirtíochtaí le comhlachtaí reachtúla agus comhpháirtíochtaí oideachais ceoil áitiúla.

 

Tá na comhpháirtithe tiomanta t d’oideachas, sláinte agus folláine leanaí agus daoine óga a thacú agus tá cláir shuntasacha acu a fhreastalaíonn ar na mílte daoine óga ar fud an chontae gach bliain. Sheol Oifig Ealaíon Fhine Gall Clár Ceoltóra Cónaithe le linn na bliana acadúla seo agus bhain 2,000 leanbh leas as teagasc ceoil ó ceoltóirí gairmiúla atá páirteach leis an gclár seo.

 

Mhínigh Margaret Geraghty, Stiúrthóir Seirbhísí, ‘Is é aidhm na comhpháirtíochta nua seo agus na haighneachta chuig Music Generation ná tiomantas reatha gach comhpháirtí maidir le hoideachas ceoil do leanaí agus do dhaoine óga a mhéadú agus a shaibhriú, agus a bheith ullamh do dheireadh na géarchéime seo trí struchtúir láidre ealaíon agus oideachais a chruthú.'

 

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O’Brien “Tá a fhios agam go bhfuil ceol an-tábhachtach d'oideachas agus do shaol laethúil ár leanaí agus ár ndaoine óga agus mholfainn do gach duine páirt a ghlacadh sa suirbhé tábhachtach seo."

 

Iarrtar anois ar thuismitheoirí, múinteoirí, leanaí, daoine óga, scoileanna ceoil, bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna, ceoltóirí agus an pobal i gcoitinne tabhairt faoi shuirbhé chun go mbeidh a gcuid tuairimí cloiste. Tá rogha trí shuirbhé ann: Leanaí & Daoine Óga, Soláthraithe Oideachais Ceoil & Ceoltóirí, agus an Pobal i gcoitinne, is féidir teacht ar gach ceann acu ag www.fingal.ie www.consult.fingal.iewww.fingalarts.ie

 

Tá bónas iontach ann do leanaí agus do dhaoine óga a thugann faoi shuirbhé! Tabharfar cuireadh dóibh cur isteach ar chrannchur chun Dearbháin Bronntanais a bhuachan do cheann d’Ionaid Ealaíon mór le rá Fhine Gall nuair a bheidh an suirbhé críochnaithe acu. Tá Draíocht i mBaile Bhlainséir agus Ionad Ealaíon Shéamuis Ennis san Aill páirteach le cinntiú go bhféadfaidh leanaí, daoine óga agus teaghlaigh sult a bhaint as sáreispéireas ealaíon a luaithe a osclóidh na hionaid ealaíon arís.

 

Dúirt Julie Clarke, Oifigeach Óige & Oideachais le hOifig Ealaíon Fhine Gall agus í ag labhairt le daoine óga, ‘Tuigimid go bhfuil ceol an-tábhachtach i saol an oiread sin daoine’, agus leanann sí, ‘Ba mhaith linn do thuairimí a chloisteáil agus na cineálacha clár agus seirbhísí is fearr a oirfidh do bhur suimeanna ceoil a thuiscint agus muid ag forbairt ’.

 

Leagann an chéim seo atá glactha na comhpháirtithe béim ar an tábhacht maidir le tacaíocht leanúnach a thabhairt do thionscnaimh ealaíon agus oideachais anois agus amach anseo agus muid ag tógáil nasc le chéile agus ag spreagadh dóchais agus inspioráide.

 

Dúirt Margaret Geraghty, ‘Tá bhur dtuairimí tábhachtach don phróiseas seo agus ligfidh siad dúinn cláir oideachais ceoil a oirfidh do riachtanais leanaí agus daoine óga 0-18 mbliana d’aois a fhorbairt agus a sheachadadh, anois agus as seo amach'’.

 

Tógfaidh sé deich nóiméad chun suirbhé a chríochnú, agus is é an dáta deiridh Déardaoin 30 Aibreán 2020. Tá na suirbhéanna le fail  ag www.fingal.ie agus www.consult.fingal.ie agus www.fingalarts.ie Má theastaíonn tuilleadh faisnéise nó cúnaimh uait chun suirbhé a chomhlánú téigh i dteagmháil le hOifigeach Óige & Oideachais Oifig Ealaíon Fhine Gall [email protected]