Leanann Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall de thacaíocht a thabhairt d'ealaíontóirí proifisiúnta i bhFine Gall le linn na géarchéime Covid-19 trí mheán duaiseanna, meantóireachta agus cónaitheachtaí.

Tá Oifig Ealaíon Fhine Gall ag leanúint de thacaíocht a thabhairt d'ealaíontóirí proifisiúnta i bhFine Gall le réimse tionscnamh.

Tá Oifig Ealaíon Fhine Gall ag leanúint de thacaíocht a thabhairt d'ealaíontóirí proifisiúnta i bhFine Gall le réimse tionscnamh.

Anuas ar chlinicí duine le duine a chur ar fáil d'ealaíontóirí ar bhonn leanúnach, tá ríméad ar an Oifig tacaíochtaí a fhógairt do scríbhneoirí agus amharcealaíontóirí proifisiúnta.

Dúirt an Comhairleoir Aaron O'Rourke, cathaoirleach an Choiste Beartais Straitéisigh um Fhorbairt Phobail, Oidhreacht, Cultúr agus Cruthaitheacht: "Tacaíonn Comhairle Contae Fhine Gall go láidir leo siúd a chuireann cultúr agus na hEalaíona i lár an aonaigh. Ní mór a chinntiú gur féidir le healaíontóirí leas a bhaint as na roghanna éagsúla atá ceaptha chun tacú leo saothair chruthaitheacha a chur i gcrích le linn na tréimhse seo gan fasach. Táimid ag seasamh gualainn ar ghualainn le gach ealaíontóir agus aithnímid a gcuid íobairtí ag an tráth seo."

Dúirt Sarah O'Neill, Leas-Oifigeach Ealaíon: "Faoi láthair, tá an-imní ar ealaíontóirí agus tá dúshlán an-mhór rompu. Chaill go leor díobh a gcuid ioncaim. Tuigimid go bhfuil cúrsaí an-deacair faoi láthair, agus ba mhaith liom ealaíontóirí a chur ar a suaimhneas gur féidir leo brath ar ár dtacaíocht leanúnach trí dheiseanna forbartha gairmiúla."

Dúirt Stiúrthóir Seirbhísí Tithíochta agus Pobail, Mary Geraghty: "Tá sé níos tábhachtaí anois ná mar a bhí riamh go leanann Comhairle Contae Fhine Gall de thacaíocht a thabhairt do na daoine agus eagraíochtaí siúd a chuireann le saol cultúrtha Fhine Gall."

Tá Oifig Ealaíon Fhine Gall i gcomhpháirtíocht le Graphic Studio Dublin ag cur cónaitheacht priontála mínealaíne ar fáil d'ealaíontóir proifisiúnta ag aon chéim ina ngairm, a oibríonn in aon disciplín, agus a bhfuil suim acu scrúdú a dhéanamh ar phróisis phriontála.  Cuirfidh an chónaitheacht dhá sheachtain seo timpeallacht idéalach ar fáil chun tionscadal cruthaitheach i ndéanamh priontaí a fhorbairt, ag obair le máistirchlódóir. Is é an dáta deiridh a ghlacfar le hiarratais ar an duais seo Déardaoin 30 Aibreán 2020 ar 4 p.m.

Chun tacú le scríbhneoirí sa Chontae, táimid ag obair i gcomhar le Words Ireland chun clár meantóireachta a chur ar fáil. Tá Meantóireacht ar fáil do scríbhneoirí atá ag teacht chun cinn agus scríbhneoirí foilsithe ar mian leo a gcuid saothar a fhorbairt. Is éard atá i gceist leis sin ceithre chruinniú le scríbhneoir ag a bhfuil taithí thar thréimhse suas le thart ar shé mhí. Is é an dáta deiridh a ghlacfar le hiarratais ar an duais seo Dé Luain 4 Bealtaine 2020 ar 12 meán lae.

Mar fhocal scoir, tá áthas ar an gComhairle an Ghairm Oscailte do Stiúideo Ealaíontóirí Theach Bád Loch Sionnaigh a fhógairt. Rinneadh an teach bád seo a athchóiriú le déanaí. Tá sé lonnaithe i suíomh álainn i Loch Sionnaigh, ar sráidbhaile cois cósta é idir An Ros agus Na Sceirí.

 

Mar gheall ar shuíomh fíorálainn an tí bád ar imeall an uisce agus ag ceann an chalaidh, cuireann sé spás oibre ar leith atá go hiomlán fóirdheonaithe ar fáil d'ealaíontóirí proifisiúnta. Is stiúideo neamh-chónaithe é agus tá sé ar fáil ar feadh trí mhí go dtí bliain amháin ó Eanáir 2021 ar aghaidh. Tá sé ar fáil d'ealaíontóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta ag gach céim a ngairmeacha agus a oibríonn i ngach disciplín. Is é aidhm an stiúideo spás oibre a chur ar fáil d'ealaíontóirí proifisiúnta chun forbairt a dhéanamh ar a gcleachtadh ealaíonta faoin tuath i bhFine Gall. Is é an dáta deiridh a ghlacfar le hiarratais ar an duais sin Dé hAoine, 31 Iúil 2020 ar 4 p.m.

 

Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le haon cheann de na deiseanna seo, logáil isteach ar www.fingalarts.ie