Gairm Oscailte le haghaidh Stiúideo Ealaíontóirí Theach Bád Loch Sionnaigh

Loughshinny boathouse artist

Tá áthas ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall an Ghairm Oscailte le haghaidh Stiúideo Ealaíontóirí Theach Bád Loch Sionnaigh a fhógairt. Rinneadh an teach bád seo a athchóiriú le déanaí. Tá sé lonnaithe i suíomh álainn i Loch Sionnaigh, ar sráidbhaile cois cósta é idir An Ros agus Na Sceirí. Mar gheall ar shuíomh fíorálainn an tí bád ar imeall an uisce agus ag ceann an chalaidh, cuireann sé spás oibre ar leith atá go hiomlán fóirdheonaithe ar fáil d'ealaíontóirí proifisiúnta.

Is stiúideo neamh-chónaithe é agus tá sé ar fáil ar feadh trí mhí go dtí bliain amháin ó Eanáir 2021 ar aghaidh. Tá sé ar fáil d'ealaíontóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta ag gach céim a ngairmeacha agus a oibríonn i ngach disciplín. Is é aidhm an stiúideo spás oibre a chur ar fáil d'ealaíontóirí proifisiúnta chun forbairt a dhéanamh ar a gcleachtadh ealaíonta faoin tuath i bhFine Gall.

Foirm Iarratais le haghaidh Theach Bád Loch Sionnaigh

Dáta deiridh a ghlacfar le hiarratais: Dé hAoine, 31 Iúil 2020 ar 4.00 p.m.   

Le haghaidh tuilleadh eolais agus chun foirm iarratais a íoslódáil, féach:  fingalarts.ie nó www.fingal.ie/arts

De rogha air sin, téigh i dteagmháil le hOifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall ar an bhfón ar (01) 890 6237.